Nuacht Litir 26/4/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ceathrú Domhnach den Cháisc

(26/4/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    12:00   Céad Comaoine
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain          9:30rn  Adhradh na Croise
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n
Cúil Aodha

Dé Satharin 10:00    Céad Comaoine

Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Máirt      10:30
Dé hAoine 7.30in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn   6:00in

 

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 

 

CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal             2:14. 36-41
Rinne
Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo.

peter preachesLá Cincise d’éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:
Bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhseá ar chrois.”

Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”
Agus d’fhreagair Peadar iad:
Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh; mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl – don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”

Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.” An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.

Briathar Dé.      Buíochas le Dia

Salm le Freagra        Sm 22:1-6 , Rv.1.
Freagra                       Is é an Tiarna m’aoire; ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Malairt Freagra       Alleluia!

1. Is é an Tiarna m’aoire; ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí mé i móinear féaruaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé, mar a bhfaighim suaimhneas.                  Freagra

2. Seolann sé mé ar rianta díreacha mar gheall ar a ainm.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall chun só1ás a thabhairt dom.          Freagra

3. Cóiríonn tú bord chun béile dom i bhfianaise mo naimhde.
Ungann tú mo cheann le hola.;tá mo chupán ag cur thar maoil.                   Freagra

4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mégach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.                                 Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Peader           2:20-25
Tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama.


A
clann ionúin, má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.

Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg. Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal. Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d’fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir. D’iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d’fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh. Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa            Eo 10: 14
Alleluia, alleluia!
Is mise an t-aoire maith,’
a deir an Tiarna.
AithnÍm mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé’
Alleluia!

SOISCÉAL                   

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin         10:1-10
Mise doras na gcaorach.

Seo mar a deir an Tiarna:
“Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí. An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach. Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin as a n-ainm, agus seolann amach iad. Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth. Ní baol go leanfadh siad coimhthíoch, ach teithfidh siad uaidh mar nach n-aithníonn siad guth na gcoimhthíoch.”

Labhair Íosa an tsolaoid sin leo, ach níor thuig siadsan cad a bhí á rá aige leo. Ansin dúirt Íosa leo arís:

gate o sheepold

“Amen, Amen, a deirim libh, Mise doras na gcaorach. Gach ar tháinig romham, bithiúnaigh a ba ea iad agus robálaithe,agus níor éist na caoirigh leo.
Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach.
Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.”

Soiscéal Dé.    Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment