Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(3/3/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 9:30rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:00rn (RnaG)
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an céad leabhar Exodus 20:1-17
Tugadh an Dlí trí Mhaois.
Labhair Dia na briathra seo go léir. Dúirt sé:
“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.
Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.
Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.
Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé, ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m’aitheanta.
Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í. Caithfidh tú sé lá ag obair agus déanfaidh tú do shaothar go léir, ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre – tú féin ná do mhac, ná d’iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon. Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.
Tabhair do d’athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta
ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.
Ná déan marú.
Ná déan adhaltranas.
Ná déan goid.
Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.
Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
SALM LE FREAGRA. Sm 18
Freagra Is agatsa, a Thiarna, atá briathra na beatha síoraí
I. Tá dlí an Tiarna go foirfe, tugann sé fortacht don anam;
ta foráil an Tiarna go daingean, tugann sí teagase do na haineolaigh. Freagra
2. Tá proiceapta an Tiarna go díreach, cuireann siad áthas ar an gcroí;
tá aithne an Tiarna go glan, tugann sí solas don tsúil. Freagra
3. Tá eagla an Tiarna go híon ag maireachtáil de shíor;
Tá breitheanna an Tiarna go fíor is tá siad uile go cóir. Freagra
4. Is so-mhianaithe iad ná an t-ór, fiú na mórán mínóir;
is is milse iad na mil, is ná sileadh an chriathair mheala. Freagra
DARA LÉACT
Sliocht as an chéad litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 1:22-25
Críost atá céasta atá á fhógairt againne—ceap tuisle do na Giúdaigh, amaidí dar leis na ciníocha; ach dóibh siúd a lean ghairm is é eagna Dé é Criost.
A bhráithre, bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,” ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe; ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é. Mar is críonna díth céille Dé ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná an duine.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Comhgháir an tSoiscéil Mth 4: 4
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 2:13-25 Glóir duit, a Thiarna.
Leagaigí an teampall seo, agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.
Nuair a bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin. Fuair sé sa sanctóir lucht ba agus caoirigh agus colmáin a dhíol, agus lucht airgead a mhalartú ina suí ann. Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird, agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol:
“Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach m’Athar.”
Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa:
“Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.”
D’fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”
D’fhreagair Íosa: “Leagaigí an teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.”
Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”
Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt.
Nuair a d’aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.
Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige. Ach Íosa féin, níor thug sé é féin ar iontaoibh dóibh mar gurb aithnid dó iad go léir. Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí fhios aige féin cad a bhí sa duine.
Soiscéal an Tiarna.Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196