Nuacht Litir 31/08/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach fichead Saor  (Blian C)

(31/8/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00in
Dé Domhnaigh 11.00rn
Dé Luain           11:00rn
Dé hAoine    11:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 9:30rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Fiachra Ó hAodha Cuil Aodha

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar Shíorach        3:17-20. 28-29
Isligh thú féin agus beidh gnaoi an Tiarna ort

A mhic, déan do chuid oibre le ceansacht;
agus an mhuintir is gean leis an Tiarna, beidh grá acu duit.
Dá airde céim thú, is amhlaidh is córa duit thú féin a ísliú,
agus beidh gnaoi an Tiarna ort.

I
s líonmhar iad lucht mustair agus toirtéise,
ach is don mhuintir uiríseal a nochtann sé a rúin.
Is éachtach í cumhacht an Tiarna, agus tugann lucht na huirísle onóir dó.
Níl leigheas ar ghalar an uaibhrigh, mar phréamhaigh planda den olc ann.

Déanfaidh an duine críonna machnamh ar pharabal ina chroí, agus cluas le héisteacht is mian leis an eagnaí.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm 67
Freagra                             De bharr do chineáltais, a Dhia, rinne tú soláthar do lucht an ghátair.

1. Déanfaidh na fíréin gairdeas i bhfianaise Dé; déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.
Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm; gairdigí don Tiarna; bíodh áthas oraibh roimhe.                        Freagra

2. Athair na ndílleachtaí is caomhnóir na mbaintreach, is é sin Dia ina áras naofa.
Is é Dia a thugann teallach don aonarán uaigneach; seolann sé na braighdeanaigh chun saoirse agus sonais.    Freagra

3. Dhoirt tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d’oidhreacht: bheathaigh tú do phobal agus iad ar an ngorta. ;
Is ann a lonnaigh do phobalsa de bharr dó chineáltais, ar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.     Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir chuig na Heabhraig        12:18-19. 22-24
Tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo.

A bhráithre, ní amhlaidh atá sibh tar éis teacht go dtí rudaí somhothaithe,
mar atá, scamall dúdhorcha agus duifean agus speirling, blosc stoic agus glór gutha a thug ar an lucht éisteachta a impí nach labhrófaí focal eile leo.

Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach, agus comhthionól na gcéadghinte a bhfuil a n-ainmneacha scríofa sna flaithis, mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar chách, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta, agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua.

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                   Eo 14:23
Alleluia, alleluia!

Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,‘ a deir an Tiarna.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás     14:1. 7-14    Glóir duit, a Thiarna.
Gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.

Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach,
iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.

Dúirt Íosa parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo:
Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú, agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil.

Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat:
A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”

Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó:
“Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat. Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill; agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”

 

Soiscéal an Tiarna.         Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196