Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 31ú Deire Fomhair 2021
An tAonú Domhnach Troichead Saor
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Gnáth Aifrinntí sa Pharóiste / Regular Mass in the Parish
Féách Nuachtlitir miosuil do laetheanta speisialta as seo go Nodhlaig
See monthly newsletter to see arrangements from now to December
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann an Domhnaigh seo i gCuil Aodha @11:00
Stáisiúin an Fhomhair Cúil Aodha 11:00 Dé Sathairn 23/10/2021
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Féach socraithe ar leith do Mhí na Samhna sa Nuachtlitir miosúil
See monthly Fograí newsletter for special arrangement for November – Month of the dead.
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Nora Slocum (Ní Éalaithe) Wilton agus Na Milíní.
Eibhlín Uí Shíocháin (Ní Ríordáin) Killeagh agus Doirín Aluinn Cúil Aodha.
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Ciarán Ó Súilleabháin. Páirtín, Co an Chláir agus Baile Mhuirne
Julia UÍ Éalaithe , Sliabh Riach.
Diarmuid, Cait agus Con Ó Duinnín, Cúil Aodha
Ellie Uí Buchalla Barr d’Inse, Cúil Aodha
Michael M. Twomey, Na Ceapacha,
Áine Twomey, Cill Chainnigh.
Diarmuid, Daniel agus Margaret Murphy, Na Flatts, Baile Mhuirne
Con agus Síle Ó Brian. Cúm a’ Ghadhair
Denny Ó Murchú, Gleann Daimh.
Páid O Dubháin, an Fearann,
Madge Hegarty, Cill Garbháin
Sr Annie Ó Suilleabháin (Mick Eoin) Béal Átha an Ghaorthaidh & Seattle
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Deotranaimí 6:2-6
Éist, a Iosrael: Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán
Duirt Maois leis an bpobal:
Má bhíonn eagla an Tiarna do Dhia ort, ar an gcuma sin, gach lá de do shaol, agus má choimeádann tú na dlíthe agus na nósanna go léir a leagaim ort, beidh fad saoil agat, agat féin agus ag do mhac agus ag mac do mhic. Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit I dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
“Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t-aon Tiarna.
Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán,
ó do anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán.
Na briathra seo a ordaím duit inniu,
bídís greanta ar do chroí.Briathar an Tiarna Buíochas le Dia.
Salm le Freagra Sm 17
Freagra Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú.
I. Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú.
mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir. Freagra
2. Mo Dhia thú, mo charraig, is mo dhídean;
mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.
Glaoim ar an Tiarna dar dleacht moladh
agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde. Freagra
3. Go maire an Tiarna! Is é mo charraig é
Go raibh Dia mo Shlánaitheoir á mhóradh.
Thug sé caithréimeanna dá Rí
agus nocht sé a ghrá dá Ungthach. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad Litir Naomh Pól chuig na Eabhraig 7:23-28
Is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo.
A bhráithre, nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás.Ach is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo. Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.
Ba é a leithéid sin d’ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas; sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a ph eacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d’ofráil sé é féin. Rinne an dlí ardsagairt de dhaoine a raibh laige éigin iontu. Ach an briathar a neartaíodh le mionn a thug Dia i bhfad níos déanaí ná an dlí, rinne sé sin ardsagart den Mhac, eisean a bhfuil buaic na foirfeachta bainte amach aige go deo.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia.
Alleluia Véarsa Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 12:28-34 Glóir duit, a Thiarna.
“Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?”
San am sin tháinig duine de na scríobhaithe chuig Íosa agus chuir sé ceist air:
“Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?”
D’fhreagair Íosa:
“Seo í an chéad cheann: ‘Cluin, a Iosrael, an Tiarna ár nDia is aon Tiarna ann agus gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán, agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán agus ó do neart go hiomlán.’
Seo í an dara ceann:
‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ Níl aithne eile is mó ná iadsan.”
Dúirt an scríobhaí leis:
“Maith mar a labhair tú, a Mháistir. Dúirt tú le fírinne gur aon é agus nach bhfuil aon neach eile ann ach é. É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.”
Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis:
“Ní fada thú ó ríocht Dé.”
Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost