Nuacht litir 8/8/2021

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

Dé Domhnaigh Ochtú Lughnasa 2021

An Naoú Domhnach Déag Saor

Uimhir guthán don paróiste 087 354 6364 (Parish Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie


Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line     https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online  https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website  http://cloynediocese.ie/

Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

BAISTÍ :   Ceiliúrfar baistí ar an gcéad Satharn den mhí ag 3.30 i.n. i pé séipéal is túisce atá curtha in áirithe.

BAPTISMS will be celebrated on the first Saturday of the month at 3.30pm, in whichever Church is first booked.

PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.

MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

John, Joan agus Denis Twomey. Eochail
Mike Ó Duinín Doire an Chuillinn
Jim Mac Bride, An Mhainistir Liath, An Dún
Timmie Ó Riordáin, Cnoc an Iúir
Kitty O Connor Doire na Sagart
Seán Ó hEigeartaigh, Na Cillíní, Baile Mhuirne
Eighneachán Ó Flanagáin. An Muileann
Connie Ó Loinsigh. Doire na Sagart
Mary Baxter Baile Atha Cliath
Sean Mac Suibhne Gailleamh
John Creedon Killowen Neidín/Lománach Cill Garbháin

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an céad LeabharRíthe               19:4-8
Neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá  gur shroich sé sliabh Dé.

Elijah and breadChuaigh Éilias ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d’iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m’anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.” Ansin luigh sé síos agus thit a chodladh air faoin tor aitinn. Ach, féach, chorraigh aingeal é agus dúirt: “Éirigh agus ith!” D’amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D’ith sé agus d’ól sé agus ansin luigh sé síos arís. Tháinig aingeal an Tiarna ar ais chuige an dara huair, chorraigh é agus dúirt: “Éirigh agus ith nó beidh an t-aistear ró-fhada duit.” D’éirigh sé mar sin, agus d’ith sé agus d’ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.

Briathar an Tiarna   Buíochas le Dia

Salm le Freagra                   Sm 33
Freagra                                    Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.

I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth,
beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna:
cluineadh lucht na huirísle is déanaidís lúcháir.  Freagra

2. Móraigí an Tiarna mar aon liom,
agus adhraimis a ainm in éineacht.
Chuardaigh mé an Tiarna is d’fhreaíair sé mé,
agus shaor mé ar gach uile eagla.                            Freagra

3. Féachaigí ina threo chun go mbeadh gliondar oraibh
is nach mbeadh luisne náire ar bhur n-aghaidh.
Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é,
agus shaor sé é óna anacraí go léir.                         Freagra

4. Cuireann aingeal an Tiarna campa
thart timpeall lucht a eaglaithe, is fuasclaíonn iad.
Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
Is aoibhinn don fhear a thriallann chuige.           Freagra

DARA LÉACHT           

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh      4:30-5:2
Mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost siine.

Jesus compassionateA bhráithre, ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh I gcomhair lá na fuascailte. Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t-achasán mar aon le gach mioscais. Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.

Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach, agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia
  

Alleluia Véarsa                   Eo 6: 51
Alleluia, alleluia!
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo
Alleluia!

SOISCÉAL                        

Go raibh an Tiarna libh.                                                                         Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin     6:41-51           Glóir duit, a Thiarna.
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh.

San am sin thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: “Is mise an t-arán a tháinig anuas ó neamh.” “Nach é seo,” a deiridís, “Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?” D’fhreagair Íosa: “Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin,” ar sé.

Ní féidir d’aon duine teacht chugam,
gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt,
agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach.
Tá sé scríofa sna fáithe:
‘Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’
An té a chluineann teagasc an Athar,
agus a fhoghlaimíonn,
tagann sé chugamsa.
Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair;
ach an té atá tagtha ón Athair,
chonaic seisean an tAthair.
I am the bread of life3Amen, Amen, a deirim libh,
an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige.
Mise arán na beatha.
D’ith bhur n-aithreacha manna san fhásach
agus fuair siad bás.
Is é seo an t-arán a thagann anuas ó neamh,
i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.
agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim
is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
Is mise an t-arán beo
a tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t-arán seo
mairfidh sé go deo.

Soiscéal an Tiarna.                  Moladh duit, a Chriost



Leave a Comment