Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 15ú Lughnasa 2021
An Fichiú Domhnach Saor
Uimhir guthán don paróiste 087 354 6364 (Parish Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish
Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/
Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
BAISTÍ : Ceiliúrfar baistí ar an gcéad Satharn den mhí ag 3.30 i.n. i pé séipéal is túisce atá curtha in áirithe.
BAPTISMS will be celebrated on the first Saturday of the month at 3.30pm, in whichever Church is first booked.
PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.
MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Máire Ni Dhrisceoil Oileán Chléire
Nóra Uí Liatháin. Baile na Graoi
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Siobhán & Seán Uí Éalaithe, ínse Mhór
Máire Ní Éalaithe, Ínse Mhór
Danny (Connie) .0Ó Loingsigh , Cúil Aodha.
Stiofán Ó Reachtaire, Béal Átha’n Ghaorthaidh
John & Julia Dinneen, Carraig an Adhmaid
Máirín Dinneen, An Bhlárna
Con, Flurry & Kathleen Ó Suilleabháin, Baile Mhic Íre
Mary Cronin, Magh Réidh
Joan O’Shea, An tSráid
Tadhg Ó Tuama, Baile Mhic Íre Uachtarach
Seán Ó Cróinín, Cnoc an Iúir
Fallon Butler, Sliabh Riach
Connie Lynch, Doire na Sagart
Maidhc Cooney Doirín na Ceartan
Nuala Mac Donald (Ní Thuama) Loch Garmain agus Réidh na nDoirí
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Apacailipsis 11:19, 12:1-6, 10
Ansin bhí bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa.
Osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta. Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a ceann. Bhí gin aici ina broinn, agus d’éigh sí ina híona agus ina pianta linbh. Ansin thaibhsigh an dara comhartha sa spéir, féach, dragan mór dearg le seacht gceann agus deich n-adharc agus seacht gcoróin ar a chinn. Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d’fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é. Agus rug sí gin mic atá chun na ciníocha go léir a rialú le slat iarainn; agus sciobadh a mac suas chun Dé agus chun a ríchathaoireach. Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá.Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 44
Freagra Tá an bhanríon ar do dheis faoi ór as Ofir.
I. Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,
agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Ofir.
Crom chugam do chluas, a iníon, agus éist liom:
cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d’athar. Freagra
2. Óir tabharfaidh an Rí grá is taitneamh do d’áilleacht.
Is é sin do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó .
Déantar a dtionlacan le lúcháir agus gairdeas,
nuair a ghabhann siad isteach in áras an Rí. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as and céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 15:20-27
Tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.
A bhráithre, tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh. Faoi mar is duine amháin faoi deara an bás is duine amháin faoi deara aiséirí na marbh chomh maith. Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, aithbheofar gach duine chomh maith i gCríost. Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéadtoradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost; agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní. Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa
Alleluia, alleluia!
Tá Muire tógtha suas ar neamh. Déanann slua na n-aingeal lúcháir.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcais 1:39-56 Glóir duit, a Thiarna.
Rinne an Té atá cumhachtach nithe móra do
Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d’imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá, agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d’Eiliosaibeit.
Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn,
agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh, agus d’éigh sí de ghlór ard .
‘Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?
Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.’
Agus dúirt Muire:
‘Mórann m’anam an Tiarna,
agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom
agus is naofa a ainm,
agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
Thaispeáin sé neart a láimhe:
scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,
agus d’ardaigh sé daoine ísle;
Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
D’fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire –
de réir mar gheall sé dar n-aithreacha –
d’Abrahám agus dá shliocht go brách.”
D’fhan Muire aici timpeall trí mhí, agus d’fhill abhaile.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN CHRÉ
(Éiríonn an pobal ina seasamh.)
Sagart agus Pobal: Creidim in aon Dia amháin.
An tAthair uilechumhachtach a rinne neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, Aon-Mhac Dé, an té a rugadh ón Athair sula raibh aon saol ann,
Dia ó Dhia, solas ó sholas, fíorDhia ó fhíorDhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh, agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna, agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollalodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son;
d’fhulaing sé páis faoi Phontius Píoláit agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an treas la de réir na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir mar aon leis an Athair agus leis an’Mac:
is é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Admhaím an t-aon bhaisteadh amháin, chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Amen.


Beidh a gCruinniú Bliantúil Poiblí ag Acadamh Fódhla (don chéad uair ó tháinig Covid) ar siúl amuigh faoin aer Dé Ceadaoin 25/8/2021 @7:00 i.n. i nGáirdín Áth Leaca taobh thiar den Linn Snámha. (Gáirdín Pheadairín Ó Lionáird). Cruinniú gairid 30-40 neomat ar a mhéid. Éirlimh nua le roghnú ar Dháimheanna 7rl. Ní bheidh Searmanas Bonn Óir i mbliana. Ní bheidh speecheanna 7rl. Tá clár oibre cuimsitheach curtha i gcrích sna dáimheanna éagsúla in aineoinn an Covid.
Tá míle fáilte roim baill nua igcónaí agus de shíor chun saothrú ar son an phobail.
Scaip an scéal agus an cuireadh má’s é do thoil é.
Ní bheidh sóláistí ar an ócáid seo.