Nuacht Litir 10/9/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Tríú Domhnach Fichead Saor

(10/9/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí


Margaret Bn Uí Shuilleabháin (Nee Harvey) (céile Diarmuid Eugie) Bun Glaise Baile Mhuirne agus Alaba

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana


CÉAD LÉACHT         

Sliocht as an Leabhar Ezícéal, Fáidh.        33:7-9
Nach dtugtann tusa rabhadh dó iompú ó bhealach a aimhleasa,  cuirfidh mé an fhreagracht ortsa.

warningTháinig briatar an Tiarna chugam:
A mhic an duine, tá tusa ceaptha agam mar gharda do mhuintir Iosrael; aon uair a chluineann tú focal uaimse cuir ar a bhfaichill iad thar mo cheannsa.

Má deirim le drochdhuine: A dhrochdhuine, éagfaidh tú gan teip; agus nach dtugtann tusa rabhadh dó iompú ó bhealach a aimhleasa, gheobhaidh an drochdhuine sin bás de bharr a pheaca ach cuirfidh mé an fhreagracht ortsa.

Ach má thugann tú rabhadh don drochdhuine iompú óna aimhleas agus nach n-iompaíonn sé, gheobhaidh sé bás de bharr a pheaca ach tabharfaidh tusa do bheatha slán.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm le Freagra            Sm 94
Freagra                             Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’

I. Tagaigí, déanaimis gairdéas don Tiarna, tógaimis gartha áthais do Charraig ;ar slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí, déanaimis gairdéas dó le laoithe.                                Freagra

2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis, feacaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh.                 Freagra

3. Á, dá n-eistfeadh sibh lena ghuth innÍu:’Na calcaigí bhur gcroí mar a tharla i Meríba,
mar a tharla an lá úd ag Masa san fhásach mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’                                                           Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na  Rómhánaigh              13:8-10
Is é an grá comhlíonadh an dlí.

A bhráithre, ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige. Na haitheanta ná déan drúise,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”  Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comhlíonadh an dlí.

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                    Eo 17: 17
Alleluia, Alleluia!

Is  fírinne do bhriathar A Thiarna. Déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia! 

SOISCÉAL

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha       18:15-20
Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat.

jesus hugSan am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
“Má dhéanann do bhráthair peaca i d’aghaidh, gabh chuige á áiteamh air is gan ann ach é agus tú.
Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat; ach mura n-éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d’fhinnéithe ag deimhniú gach scéil.

Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.

Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh siad ceangailte ar neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar neamh.

Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó m’Athair atá ar neamh. Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m’ainmse, bím féin ansin ina measc.”

Soiscéal an Tiarna.                 Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment