Nuacht Litir 17/9/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ceathrú Domhnach Fichead Saor

(17/9/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí


Máire Ní Chárthaigh. Screathan na nGamhan Cúil Aodha

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar  Shíorach           27:30-28:7
Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé, agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit.


Fearg agus fraoch, is duáilcí déistineacha iad sin,
agus gheofar iad i seilbh an pheacaigh.
An té a imríonn díoltas, imreoidh an Tiarna díoltas air,
mar coinníonn sé cuntas cruinn ar a pheacaí.
Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé,
agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit.
Má choimeádann duine olc istigh do dhuine eile,
conas is féidir leis leigheas a lorg ar an Tiarna?
Mura ndéanann sé trócaire ar dhuine cosúil leis féin,
conas is féidir leis maithiúnas a iarraidh ina pheacaí féin?
Níl ann féin ach feoil agus cothaíonn sé fuath; cé a mhaithfidh a pheacaí dó?
Cuimhnigh ar do chríoch dheireanach, agus scoir den fhuath;
cuimhnigh ar an scrios agus an bás, agus mair de réir na n-aitheanta.
Cuimhnigh ar na haitheanta agus ná bíodh olc agat do do chomharsa;
cuimhnigh ar chonradh an Té is Airde, agus ná tóg ceann den aineolas.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra          Sm 102
Freagra                           Is grámhar trócaireach é an Tiarna,  foighneach agus lán dé cheansacht.

1. Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom, beannaíodh a bhfuil istigh ionam a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a an am liom, is ná déan dearmad da thíolací go léir.    Freagra

2. Eisean a mhaitheann do chionta go léir, a shlánaíonn d’easláintí go léir,
a fhuasclaíonn do bheatha on mbás, a chorónaíonn thú le grá is le trua.                         Freagra

3. Ní bheidh sé go míchéata i gcónaí, ní bheidh sé i bhfeirg de shíor.
Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn: ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé sinn.       Freagra

4. Óir ní airdé neamh os cionn talún ná méid a bhuanghrá do lucht a eaglaithe;
ní faide an t-oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn[.                  Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh              14:7-9
Má mhairimid beo nó más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith.

A bhráithre, ní dó féin a mhaireann aon duine againn ná ní dó féin a fhaigheann sé bás. Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn. Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d’éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa           1Sam3:9,   Eo 6:68
Alleluia, Alleluia!

Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht. Is agatsa atá briathra na beatha síoraí.
Alleluia!

An Soiscéal

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha       18:21-35
Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód.


Tháinig Peadar chuig Íosa  ansin agus dúirt leis:
“A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m’aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?”
Dúirt Íosa leis:
Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód.
“Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air. Agus ó tharla gan an t-íoc a bheith aige, d’ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t-íoc a dhéanamh. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: ‘Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t-iomlán leat.’

Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó. Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’ Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: ‘Bíodh foighne agat liom,’ ar seisean, ‘agus íocfaidh mé leat é.’ Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n-íocfadh sé na fiacha.

Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir. Chuir an máistir fios air: ‘A sheirbhísigh mhallaithe,’ ar seisean, ‘mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm. Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?’ Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n-íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán.

Sin é freisin mar a dhéanfaidh m’Athair neamhaí libhse ach mura maitheannm gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”

Soiscéal an Tiarna.                  Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment