Nuacht Litir 24/9/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Séú Domhnach Fichead Saor

(24/9/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí


 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana


CÉAD LÉACHT

Sliocht as leabhar Íseáia                 55:6-9
Ní hiad mo bhearta bhur mbearta.

God at work

                                   Dia ag obair

Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;
glaoigí air, fad atá sé i ngar.
Fágadh an coirpeach a dhrochnós
agus fear na hurchóide a bhearta.

Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,

agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,
ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.
Is ard iad na spéartha os cionn na talún,
agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí
agus mo bhearta os cionn bhur mbearta.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                    Sm 144
Freagra                                     Is gairid an Tiarna dá ngaireann air.

1. Beannóidh mé thú gach uile lá agus molfaidh mé thú dé shíor.
Is mór é an Tiarna, is is ionmholta go mór é, ní féidir a mhórgacht a mheas.       Freagra

2. Is ceansa trócaireach é an Tiarna, mall chun feirge agus lán de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní, is is trócaireach é dá oibreacha uile.                    Freagra

3. Is fíréanta an Tiarna ina shlite uile is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air, dá ngaireann air go fírinneach.                    Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as litir N.Pól chuig naFilipigh        1:20-24.27
Mar is é Críost is beatha domsa

Jesus foeverA bhráithre, nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom. Mar is é Críost is beatha domsa agus ba shochar dom an bás. Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé. Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór. Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libhse.

Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                      Lc 19: 38
Alleluia, Alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar
Alleluia!       

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.           Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha 20:1-16         Glóir duit, a Thiarna.
Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt. Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad. Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m’fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’ Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna. Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a d’fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’ Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’

workers-parableNuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’ Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin. Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: ‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t-aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d’fhulaing ualach an lae agus an brothall.’

D’
fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom? Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’

Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment