Nuacht Litir 1/10/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Seachtú Domhnach Fichead Saor

(1/10/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

Tomás Ó Mulláin, Cill Náile, Co. Thiobraid Árann
A fuair bás le Déanaí


 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

 


CHÉAD LÉACHT

Sliocht as leabhar Ezícéal         18:25-28
Má thréigeann an drochdhuine a pheaca, mairfidh sé go deimhin.

repentant sinnerSeo mar a deir an Tiarna:
Deir tusa:
Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir? Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige. Arís, má thréigeann an drochdhuine a pheacaí agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir, tabharfaidh sé a bheatha slán.
De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra               Sm 24
Freagra                               Cuimhnigh ar do thrócaire, a Thiarna.

I. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna, agus teagasc dom do rianta.
Treoraigh mé i d’fhírinne agus teagasc mé, móir is tusa, a Dhia, mo Shlánaitheoir.           Freagra

2. Ortsa a bhím ag feitheamh ar feadh an lae, mar gheall ar dó chineáltas, a Thiarna.
Cuimhnigh ar do thrócaire, a Thiarna, agus ar do bhuanghrá atá ann ó na cianta.
Ná cuimhnigh ar chionta m’óige, ach amháin ar do bhuanghrá féin.                                      Freagra

3. Is maith is is díreach é an Tiarna. Uime sin múineann sé an tslí do na peacaigh.
Díríonn sé an fear umhal san fhíréantacht; múineann sé a shlí don fhear umhal                 Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht litir N.Pól chuig na Filipigh   2:1-11
Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost.

A bhráithre, más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an  spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá  cion nó trua ar bith ionaibh, cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne. Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin. Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith. Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost:

An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia,
Ach lom sé é féin. Agus chuir áir riocht an sclábha
jesus crucifiedagus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.
Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, d’ísligh sé é féin
agus bhí umhal go bás – go bás na croise féin.
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é
agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm,
i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach
dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann
agus go ndearbhódh gach teanga, in ómós do Dhia an tAthair,
gurb é Íosa Críost an Tiarna.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

___________________

Malairt DARA LÉACHT

Sliocht litir N.Pól chuig na Filipigh   2:1-5
Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost.

A bhráithre, más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an  spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá  cion nó trua ar bith ionaibh, cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne. Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin. Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith. Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost:

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa             Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!      

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.              Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha  21:28-32              Glóir duit, a Thiarna.
Tháinig aiféala air agus chuaigh se. tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé.

San am sin dúirt Íosa le huachtaráin ne sagart agus le seanóir an phobail:
“bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine.

D’agaill sé duine acu ar dtús:
‘A mhic,’
ar seisean, ‘téighse inniu ag obair san fhíonghort.’
D’fhreagair sé é: ‘Tá go maith, a dhuine uasail,’
ar seisean; ach ní dheachaigh.

D’agaill sé an dara duine ar an gcuma chéanna, agus b’é a fhreagra seo:
Ní dhéanfaidh mé,’
ar seisean; ach ina dhiaidh sin tháinig aiféala air agus chuaigh.

Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?”
An dara duine,” ar siad.
Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé. Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment