Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Ochtú Domhnach Fichead Saor
(8/10/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Íseáia 5:1-7
Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é.
Canaim thar ceann mo chara duan a ghrá dá fhíonghort.
Bhí fíonghort ag mo chara ar chnocán torthúil.
Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha, agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann,
thóg sé túr faire ina lár, agus thochail cantaoir ann leis.
Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh, ach thug sé fiachaora dó.
Agus anois, a phobal Iarúsailéim agus a mhuintir Iúdá,
tugaigí breithiúnas idir mé féin agus an fíonghort seo liom.
Cad a d’fhéadfainn a dhéanamh ar son m’fhíonghoirt nach bhfuil déanta agam?
Bhí mé ag dréim le caora fíona. Cén fáth na fiachaora amháin?
Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois cad tá mé chun a dhéanamh le m’fhíonghort:
an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach, an balla a leagan chun go satlófar air.
Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.
Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é,
agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann.
Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 79
Freagra Fíonghort an Tiarna, is é teaglach Isráél é.
1. Thug tú fíniúin amach as an Éigipt; dhíbir tú na ciníocha agus chuir tú í.
Shín sí a craobhacha go dtí an mhuir agus a bachlóga go dtí an Abhainn. Freagra
2. Cad chuige ar mhill tú a ballaí chun go stoitheadh gach duine a ghabhann thar bráid í ?
Creachann torc fiáin na coille í alpann beithígh an machaire í. Freagra
3. Cas ar ais, a Dhia na Slua. Breathnaigh anuas ó neamh agus féach.
Tabhair cuairt ár an bhfíniúin a chuir tú féin.
Caomhnaigh an stoc a phlandaigh do dheaslámh féin. Freagra
4. Ní thréigfimid thú go brách ansin: tabhair dúinn an bheatha agus mórfaimid d’ainm.
A Thiarna, a Dhia na Slua, cuir ar ais sinn.
Taispeáin do ghnúis ghrianmhar dúinn dár saoradh. Freagra
AN DARA LÉACHT
Sliocht litir N.Pól chuig na Filipigh 4:6-9
Beidh Dia na síochána faraibh.
A bhráithre, ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan. Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag gardáil bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost. Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n-aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta. Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúin mé daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh nó a chonaic sibh mé a dhéanamh, beidh Dia na síochána faraibh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 15: 15
Alleluia, Alleluia!
Sibhse mo chairde, a deir an Tiarna, ach thug mé cairde oraibh,
óir gach a gcuala ó m’Athair.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 21:33-43 Glóir duit, a Thiarna.
mBainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh.
San am sin dúirt Íosa le huachtaráin ne sagart agus le seanóir an phobail:
“Éistigí le parabal eile:
Bhí an fear tí seo ann a rinne fíonghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch. Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil. Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile.
Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh ba líonmhaire ná iad siúd, ach ba é an cor céanna a thug siad dóibh sin.
Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin:
‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’ Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’ agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh é. Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?”
Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé drochíde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”
Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir:
‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?
“Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.
A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196