Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Tríú Domhnach Triochad Saor
(19/11/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30
From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CHÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Seanfhocal 31:10-13. 19-20. 30-31
Cé ar féidir leis a dhíol de bhean chéile a fháil?
Cé ar féidir leis í a fháil?
Is luachmhaire í ná péarlaí. Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,
agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.
Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó ar feadh a saoil.
Lorgann sí olann agus líon, agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.
Coinníonn sí an coigeal ina láimh agus beireann a méireanna ar an bhfearsad.
Caitheann sí go fial leis an duine dearóil, agus tugann sí déirc don duine bocht.
Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht;
is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.
Tugaigí di toradh a saothair, agus moladh a gníomhartha í ag geataí na cathrach.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 127: 1-5. Rv:1
Freagra Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna.
I. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ina shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin. Beidh tú go sona seanmhar. Freagra
2. Beidh do bhean amhail fíniúin thorthach i gceartlár do thí;
beidh do chlann mar bhuinneáin olóige agus iad mórthimpeall do bhoird. Freagra
3. Is amhlaidh a bheannófar an fear ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach gach lá de do shaol! Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad litir N.Pól chuig na Teasalónaigh 5:1-6
Ná tagadh Lá úd an Tiarna gan fhios orabh mar a bheadh bithiúnach.
A bhráithre, maidir le hamanna agus uaineacha, a bhráithre, ní gá scríobh chugaibh ina dtaobh. Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna. Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi. Ní sa dorchacht atá sibhse, áfach, a bhráithre, go dtiocfadh an lá úd aniar aduaidh oraibh mar a bheadh bithiúnach. Is clann an tsolais sibhse, a bhráithre, go huile, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchacht sinn. Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Comhgháir/Alleluia Eo 15: 4-5
Alleluia, Alleluia!
‘Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh,’ a deir an Tiarna. ‘
An té a fhanann ionamsa, tugann sé toradh mór uaidh.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha, 25:14-30 Glóir duit, a Thiarna.
Bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.
San am sin d’inis Íosa an parabal seo dá dheisceabail:
“Duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile – do gach duine de réir an chumais a bhí ann – agus d’fhág an tír.
Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú. Mar an gcéanna d’fhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá chea
nn eile. Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach.
Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo.
Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, d’fhág tú cúig thallann ar iontaoibh agamsa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann:
‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d’fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t-aon tallann amháin:
‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh; agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’
Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh: ba cheart duitse mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús. Bainigí de an tallann agus tugaigí í don duine a bhfuil na deich dtallann aige, óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.
Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
_________________________________________
SOISCÉAL Gearr
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha 25:14- 15, 19-20
Bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.
San am sin d’inis Íosa an parabal seo dá dheisceabail:
“duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile – do gach duine de réir an chumais a bhí ann – agus d’fhág an tír. Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo. Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, d’fhág tú cúig thallann ar iontaoibh agamsa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Bailte Slachtmhara /Tidy Towns
Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.
Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.
Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.
Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.
A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196
Céad Comaonie 2024