Nuacht Litir 3/12/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

AN CHÉAD DOMNACH DEN AIDBHINT 

(3/12/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 12.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 11:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30

From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás le Déanaí


A fuair bás an tráth seo bhliana

Diarmiud O Suilleabhain, Cúil Aodha
Damian Ó Duinnín, Doire ’n Chuilinn
Ken Rafferty, Túnlán, Baile Mhuirne
Sile agus Abbey Uí Scannail, Ínse Mhór Cúil Aodha
Sheila O’ Brien, Cúm a’Ghadhair
Maura Twomey, Cúl na Cathrach & Leicester
Danny & Judy Lucey, Cnoc an Úr
Gillian Mc Carthy, Ceanndroma
Mary Cronin, Ceanndroma
Denis & Margaret Buckley, Cúil a Bhothair
Denis J Lynch, Na hUlláin Thiar.
Denis agus Mary O Sullivan, Cuimín Íochtarach, Cill Garbháin
David Dineen, Cnoc na Mucla, Cis Céim

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana


AN CHÉAD DOMNACH DEN AIDBHINT 

CHÉAD LÉACHT       

Sliocht as an fáidh  Íseáia                 63:16-17; 64:1. 3-8
Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas

Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d’ainm riamh anall.
Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite,
agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó?
Fill ar ais ar son do sheirbhíseach, ar son treibheanna d’oidhreachta.
Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas,
ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair,
Dhéanfá éachtaí ansin nach raibh súil leo, agus nár chuala aon duine caint orthu riamh.
Cluas níor chuala ná súil ní fhaca dia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann.
come LordCuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart
agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí.
Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin;
is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.
Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan
agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha.
Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga,
dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.
Duine níl ann a ghlaonn ar d’ainm,
ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat.
óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn,
agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna. Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n-athair.
Sinne an chré, tusa an potaire, agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.

Briathar an Tiarna                 Buíochas le Dia  

Salm le Freagra                  Sm 79
Freagra                                  Cuir ar ais sinn, a Dhia.
                                                Taispeáin dúinn d’agnaidh ghrianmhar agus slánaigh sinn, a Thiarna.

1. Éist linn, a aoire Isráél. Túsa atá i do shuí ar na Ceiribíní, soilsigh amach.
Corraigh do chumhacht, a Thiarna, agus tar chugainn dár sábháil.                                                              Freagra

2. Cas ar ais, a Dhia na Slua. Breathnaigh anuas ó neamh agus féach.
Tabhair cuairt ar an bhfíniúin a chuir tú féin. Caomhnaigh an stoc a phlandaigh do dheaslámh féin. Freagra

3. Go raibh do lámh ar an bhfear a roghnaigh tú, ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin.
Ní thréigfimid thú go brách ansin; tabhair dúinn an bheatha agus mórfimid d’ainm,                              Freagra

DARA LÉACHT     

 Sliocht as céad litir Naomh Pól chuig na Coirintigh            1:3-9
Táimid ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh. 

firstSundayadvent
B
ím ag síorghabháil buíochais le Dia ar bhur son as an ngrásta atá bronnta aige oraibh in Íosa Críost.

Mar tá raidhse den uile shórt faighte agaibh ann: raidhse den urlabhra agus raidhse den eolas.Tá an fhianaise ar Chríost dulta chomh daingean sin I bhfeidhm oraibh nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh. Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost. Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.

Briathar Dé.          Buíochas le Dia  

Comhgháir/Alleluia –      Sm 84:8
Alleluia, alleluia!

Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn do shánú.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas    13:33-37            Glóir duit, a Thiarna.
Déanaigí faire, dá bhrí sin, mar ní fios daoibh cén uair a thiocfaidh tiarna an tí

Jesus knockingSan am sin dúirt Íosa lena dheisceabail :
Bígí aireach, déanaigí faire, mar níl a fhios agaibh cén uair a bheidh an t-am ann. Is é dála duine é a d’fhág a theach agus a d’imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t-údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d’ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.

Déanaigí faire, dá bhrí sin, mar ní fios daoibh cén uair a thiocfaidh tiarna an tí, um thráthnóna, i lár na hoíche, ar ghlao an choiligh, nó ar maidin. Má thagann sé gan choinne, ná faigheadh sé sibh in bhur gcodladh.

An rud a deirim libhse, deirim le gach duine é: Déanaigí faire.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Margadh na Nollag
Árus Éamon Mac Suibhne Cuil Aodha
10:00 – 1:00 3/12/2023

Acadamh Fódhla Dáimh Staire

Nochtadh Leac i gCuimhne Pead Buí Ó Longsigh

1:30 Dé Domhnaigh Reilg Ghobnatan

Bailte Slachtmhara /Tidy Towns

Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.

Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.

Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.

Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

 


Leave a Comment