Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
AN Dara DOMNACH DEN AIDBHINT
(10/12/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30
From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
Peig Merrigan (Ó hIarfhlaithe), Tiobrad Árainn agus Gort na Tiobrad
A fuair bás an tráth seo bhliana
Seán Mullan, Túnlán
Mary Mc Carthy, Seana Chluan
Johnny Lucey, Cnoc Sathairn, Cill na Martra
Dan & Julie Lucey, Na Cipeacha
Mary O’ Connell, Cnoc Sathairn
Dan O’ Connell, Drom Réidh
Tom Conlon, Cill Cúil, Co Chill Mhantáin
Danny & Mary Cronin, Ceann Droma
Lewis King, Wellington, Nua Shéalainn
Maire & Concubhar Ó Laoghaoire, Doire ’n Chuilinn
Damian Ó Dineen, Doire ’n Chuilinn
Danny Drew, An Ínse Mhór, Cúil Aodha
Jeremiah & Nonie Corkery , Túnlán
Peg agus Dan Lucey, Carraigin Na Carraiste, Doirín Áluinn.
Maighréad Uí Luasa, Screathan
Dan agus Mary Sweeney, Cúil-Aodha
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
AN DARA DOMNACH DEN AIDBHINT

CÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Íseáia 40:1-5. 9-11
Réitigí cosán le haghaidh an Tiarna.
“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,” a deir bhur nDia.
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,
go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Tá glór ag fógairt:“Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna.
Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.
Líontar isteach gach gleann, agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc;
déantar achréidh de na hailteanna agus míntír den gharbhchríoch.
Ansin foilseofar glóir an Tiarna agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht.
Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”
Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón.
Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim.
Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: “Seo é bhur nDia.”
Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart, agus a lámh ag smachtú roimhe!
Tá a luach saothair leis ina sheilbh, agus a éadáil ag dul roimhe amach.
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,
ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn, á n-iompar ar chlár a uchta
agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
SALM LE FREAGRA Sm 84
Freagra
I. Éistfidh mé leis an ní a déarfaidh an Tiarna Dia;
déarfaidh sé go deimhin lena phobal: ‘Síocháin daoibh!’
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe
chun go gcónóidh an ghlóir inár dtir. Freagra
2. Casadh ar a chéile an trócaire is an dílseacht,
phóg an fhíréantacht is an tsíocháin a chéile.
Eascróidh an dílseacht as an talamh
agus breathnóidh an fhíréantacht anuas ó neamh. Freagra
3. Tabharfaidh an Tiarna fós an mhaith,
agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh.
Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach,
agus an tsíocháin i lorg a choiscéimeanna. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara litir Naomh Peadar 3:8-14
Táimid ag súil le spéartha nua agus le domhan
A clann ionúin, ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin
leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin. Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí. Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d’oibreacha ann.
Ó tharla go bhfuil gach ní le scriosadh ar an gcuma sin, cén sórt daoine ar cheart daoibh a bheith maidir le hiompar naofa agus le cráifeacht, agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas. Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht. Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Lc 3:4, 6
Alleluia, alleluia!
Ullmhaigí bóthar an Tiarna, déanaigi díreach a chosáin.
Agus feicfidh an uile cholainn shánú Dé.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh. Marcas 1:1-8
Déanaigí díreach a chosáin.
Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé. De réir mar atá scríofa in Íseáia fáidh:
“Feach, cuirim mo theachtaire romhat a ullmhóidh do bhóthar.
Glór duine ag éamh san fhásach:
‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’”
Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a
mhaitheamh. Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus
muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil a
bpeacaí.
Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige. Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá:
“Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh.
Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Bailte Slachtmhara /Tidy Towns
Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.
Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.
Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.
Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196