Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
AN TRÍÚ DOMNACH DEN AIDBHINT
(17/12/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
An Nollaig
Oíche Nollaig 24/12 (An Domhnach)
Carriganima 6.00 pm
Baile Mhuirne 6.00 pm
Cill na Martra 8.00 pm
Clondrohid 9.00 pm
Lá Nollaig 25/12 (Dé Luain)
Réidh na nDoirí 9.00 am
Clondrohid 9.30 am
Cúil Aodha 10.00rn
Baile Mhuirne 11.30 rn
Seachtain na Nodhlag
De Máirt 26ú
Baile Mhuirne – 11.00rn
Dé Céadaoin 27ú
Baile Mhuirne -11.00rn
Déardaoin 28ú
Cluan Droichead 11.00rn
Dé hAoine 29ú
Cluan Droichead -11.00rn
Dé Sathairn 30ú
Baile Mhuirne – 11.00rn
Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30
From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
Donnchadh Ó Loingsigh, An Tóchar, Cúil Aodha
Seán Furey, Londain agus Gaillimh
A fuair bás an tráth seo bhliana
Brendán O Callaghan, Baile Mhuirne
Dónal Ó Liatháin, Cúil Aodha
Cáit agus Conchúir Ó Liatháin, Cúil Aodha
Sheila O’ Rourke (Ní Mhuirrithe), Cionn tSáile
Patrick Mc Sweeney, Cloch Aighneach
Bernie Crowley, Cill Mhithíl, Co an Cláir
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
AN TRÍÚ DOMNACH DEN AIDBHINT

CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Íseáia 61:1-2. 10-11
Gáirim le gairdeas sa Tiarna
Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan,
chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite,
chun cead a gcos a fhógairt do na cimí
agus fuascailt do phríosúnaigh;
chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna,
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia.
Óir chuir sé an slánú umam ina éadach,
rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta,
ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta
nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair,
ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur,
is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar
fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Lc 1
Freagra Tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia.
I. Mórann m’anam an Tiarna, agus rinne mo spiorad gairdeas inDia mo Shlánaitheoir. .
Óir dhearc sé Ie fabhar ar ísle a bhanóglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. Freagra
2. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
agus a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh séo ar a mbíonn a eagla. Freagra
3. Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
D’fhóir sé ar Isráél a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh 5:16-24
Go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna.
A bhráithre,
bíodh lúcháir oraibh i gcónaí. Bígí ag guí gan staonadh agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost.
Ná múchaigí an Spiorad; ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla. Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith agus seachnaígí gach aon sórt oilc.
Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost. Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Lc 4: 18
Alleluia, alleluia!
Tá Spiorad an Tiarna orm.
Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na bochta.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin 1:6-8. 19 -28
Tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh, an té atá ag teacht i mo dhiaidh.
Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia, agus Eoin a ba ainm dó.
Tháinig sé ag déanamh fianaise chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais chun go gcreidfeadh cách tríd.
Níorbh é féin an solas ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.
Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de: “Cé hé thusa?”
D’admhaigh sé agus níor shéan agus d’admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.”
D’fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean.
“An tú an fáidh?” Agus d’fhreagair: “Ní mé.”
Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? – chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?”
Dúirt sé:
“Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘ Déanaigí díreach bóthar an Tiarna.’
Mar a dúirt Íseáia fáidh.” Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí, agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”
Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “Ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh, an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.”
I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste.
Soiscéal Dé.
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Crann Cuimhneacháin na Mairbh Cúil Aodha
Más mian le éinne cara/gaol leo do bheith do bheith tabhartha chun cuimhne ar an gCrann Cuimneacháin i gCúil Aodha, ní mór dóibh a bpictiúir siúd do chur isteach sa bhosca ar an harmonium sa séipéal. Tabharfaighmídne aire don curam. Iarrtar ar dhaoine gan pictiúr a chrocha ar an gcrannn iad féin.
Memorial Tree Cúil Aodha
Anyone who wishes to have a loved one remembered on the Cuil Aodha Memorial Tree is asked to place photo’s in the box on the harmonium. Please do not place any pics on tree.
Bailte Slachtmhara /Tidy Towns
Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.
Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.
Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.
Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196