Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
AN CEATHRÚ DOMNACH DEN AIDBHINT
(24/12/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
An Nollaig
Oíche Nollaig 24/12 (An Domhnach)
Carriganima 6.00 pm
Baile Mhuirne 6.00 pm
Cill na Martra 8.00 pm
Clondrohid 9.00 pm
Lá Nollaig 25/12 (Dé Luain)
Réidh na nDoirí 9.00 am
Clondrohid 9.30 am
Cúil Aodha 10.00rn
Baile Mhuirne 11.30 rn
Seachtain na Nodhlag
De Máirt 26ú
Baile Mhuirne – 11.00rn
Dé Céadaoin 27ú
Baile Mhuirne -11.00rn
Déardaoin 28ú
Cluan Droichead 11.00rn
Dé hAoine 29ú
Cluan Droichead -11.00rn
Dé Sathairn 30ú
Baile Mhuirne – 11.00rn
Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30
From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás an tráth seo bhliana
Donailín John Ó Suilleabháin Na Milíní
Séamus agus Síle Uí Laoire Gort na gCross
Maitíos Ó hÉalaithe Cúil a’ Bhuacaigh
Patrick D Ó Liatháin. Daingean na Saileach
Christy (Con Bán) Ó Luasa Baile Mhic Íre
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Ger agus Mary Bena Lynch Doire Finín
John agus Finbar Uí Chorcora Baile Uí Bhuaigh
Daithí Mac Suibhne, Cathair Daithí
AN CEATHRÚ DOMNACH DEN AIDBHINT
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an dara leabhar Samuél 7:1-5. 8-12. 14. 16
Seasfaidh theaghlach Dáiví a i gcónaí go daingean romham.
A luaithe a bhí an rí Dáiví socair ina theach agus go raibh suaimhneas aige óna naimhde go léir ina thimpeall, dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!”
Dúirt Nátán leis an rí: “Imigh agus déan an uile ní is áil le do chroí, óir tá an Tiarna leat.”
An oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán:
“Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna:
An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí? Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an
tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth. Le linn mo chuid taistil go léir le pobal uile Iosrael, an ndúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal:
“Cén fáth nár thóg tú teach céadrais dom?’”
Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví:
‘Deir Tiarna na Slua an méid seo:
Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal. Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse. Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí san áit sin agus ní chuirfear isteach orthu arís; ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na lucht foréigin orthu, mar a bhíodh an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot. Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n-adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas. (Eisean a thógfaidh teach do m’ainmse, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo. Beidh mé i m’athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna. Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat. Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 88
Freagra Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna.
1. Canfaidh mé de shíor faoi bhuanghrá, a Thiarna. fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.
Óir daingníodh do bhuanghrá go síoraí agus tá do dhílseacht chomh buan leis na flaithis. Freagra
2. Cheangail mé conradh le m’fhear tofa. Dhearbhaigh mé do Dháiví, mo sheirbhíséach:
‘Socróidh mé do shliocht ar feadh na síoraíochta, agus bunóidh mé do ríchathaoir go síoraí’ Freagra
3. Déarfaidh sé liom: ‘Is tú m’athair, is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’
Coinneoidh mé mo bhuanghrá dó go síoraí, agus séasfaidh mo chonradh leis go daingean. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as litir Naomh.Pól chuig na Rómhánaigh 16:25-27
An dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta tá sé nochta anois.
Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile d’fhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh. Moladh le Dia, an t-aon Dia eagnaí, trí Íosa Críost le saol na saol. Amen.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Lc 1:38
Alleluia, alleluia!
Féach mise banóglach an Tiarna: déantar liom de réir d’thocail.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 1:26-38
Féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac.
Cuireadh an t-aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b’é ab ainm don mhaighdean, Muire. Agus ar a theacht isteach chuici dúirt:
“Sé do bheatha, a
tá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”
Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo. Ach dúirt an t-aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair, agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”
Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d’fhear chéile?”
Agus dúirt an t-aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air. Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.”
Dúirt Muire: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d’fhocail.”
Agus d’imigh an t-aingeal uaithi.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Crann Cuimhneacháin na Mairbh Cúil Aodha
Más mian le éinne cara/gaol leo do bheith do bheith tabhartha chun cuimhne ar an gCrann Cuimneacháin i gCúil Aodha, ní mór dóibh a bpictiúir siúd do chur isteach sa bhosca ar an harmonium sa séipéal. Tabharfaighmídne aire don curam. Iarrtar ar dhaoine gan pictiúr a chrocha ar an gcrannn iad féin.
Memorial Tree Cúil Aodha
Anyone who wishes to have a loved one remembered on the Cuil Aodha Memorial Tree is asked to place photo’s in the box on the harmonium. Please do not place any pics on tree.
Bailte Slachtmhara /Tidy Towns
Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.
Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.
Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.
Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196