Nuacht Litir 14/7/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Cúigiú Domhnach Déag Saor

(14/7/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishe

Baile Mhúirne
Dé Sathairn —11.00rn
Dé Domhnaigh Aifreann Scrín Ghobnatan 3:00 i.n.
Dé Máirt 9.30rn
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh 11.00rn
Réidh na nDoirí
Níl Aifreann
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 12:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Amós , Fáidh   7:12-15
Téigh agus tairngir do mo phobal Iosráél.

Amos-shepherd
Dúirt Amaisiá le hAmós:
Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin. Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.”

Dúirt Amós le hAmaisiá á fhreagairt:
Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar; ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom:
Téigh agus tairngir do mo phobal Iosráél.’”

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra             Sm 84
Freagra                           Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire agus tabhair dúinn do shlánú.

I. Éistfidh mé leis an ní a déarfaidh an Tiarna Dia; déarfaidh sé go deimhin lena phobal: ‘Síocháin daoibh.’
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe chun go gcónóidh an ghlóir inar dtír.                         Freagra

2. Casadh ar a chéile an trócaire is an dílseacht, phóg an fhíréantacht is an tsíocháin a chéile.
Eascróidh an dílseacht as an talamh agus breathnóidh an fhíréantacht anuas ó neamh.     Freagra

3. Tabharfaidh an Tiarna fós an mhaith, agus tabhadaidh an talamh a thoradh uaidh.
Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach, agus an tsíocháin i lorg a choiscéimeanna.          Freagra

DARA LÉACHT     

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh           1:3-14
Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost.

Moladh le Dia, le h Athár dTiarna Íosa Críost,
a bhronn orainn, i gCríost, gach tabhartas spioradálta sna flaithis.
Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun bheith naofa gan locht os a chomhair.
Le barr grá dúinn leag sé amach ó thús de réir mhian a thola féin go mbeimisne inár gclann aige
trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.

Is sa Mhac sin, as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta,
de réir iomadúlacht an ghrástaa roinn sé orainn go fial.
Le teann eagna agus gaoisework of H Spiit nocht sé dúinn rún a thola –
de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús
lena chur i gcrích i gCríost, nuair a bheadh an t-ionú tagtha –
mar atá, an beartas gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.

Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n-oidhrí agus a leagadh amach dúinn,
de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin, a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóire Dé.
Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin, nuair a chuala sibhse briathar na fírinne agus dea-scéal bhur slánaithe, nuair a chreid sibh ann agus gur buaileadh oraibh stampa
an Spioraid Naoimh a bhí geallta.
Is éarlais an Spiorad ar ár n-oidhreacht nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi; chun moladh a ghlóire.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa             Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!

Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.                       Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas            6:7-13
Ghlaoigh Íosa an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach.

Jesus sends out the apostlesSan am sin ghlaoigh Íosa an Dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana. D’ordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata – arán ná tiachóg ná airgead sa chrios; ach cuaráin a chur orthu, “agus ná cuirigí dhá ionar oraibh”.
Agus dúirt sé leo:
Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite.
Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.”

Agus ar dhul amach dóibh d’fhógair siad aithrí a dhéanamh agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad.

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196