Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Triochadú Domhnach Saor
(27/10/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Irimia, Fáidh Irimia 31:7-9
Tabharfaidh mise sólás an dall agus an bacach agus mé á dtreorú ar ais.
Mar seo mar a deir an Tiarna:
Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib! Tógaigí gártha do cheann na náisiún!
Fógraígí! Molaigí! Gáirigí: ‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’
Féach, tabharfaidh mé ar ais iad as an tír thuaidh,
agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin; iad go léir, an dall agus an bacach,
an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne;
tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.
Is le gol a d’imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais;
déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce,
slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle.
Óir táim i m’athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 125
Freagra Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach.
1. Nuair a thug an Tiarna príosúnaigh Síón abhaile ba chosúil sinn le daoine ag brionglóidigh.
Ansin líonadh ár mbéal le gáire, agus ár dteanga le gairdeas. Freagra
2. Ansin bhíothas á rá i measc na gciníocha: ‘Rinne an Tiarna éachtaí.’
Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach. Freagra
3. Cuir sonas orainn arís, a Thiarna, ar nós na sruthanna san fhásach ó dheas.
An mhuintir a chuireann síol le deora, bainfidh siad an fómhar le gairdeas. Freagra
4. Ag imeacht dóibh imíonn siad ag sileadh na ndeor, agus iad ag iompar síl chun a scaipthe;
ag teacht dóibh tiocfaidh siad le gairdeas, agus a bpunanna á n-iompar acu. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Liter cuig na Eabhraig 5:1-6
Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.
Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí. Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh. Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith. Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón. Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis:
“Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.”
Agus in áit eile fós deir sé leis: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 8:12
Alleluia, alleluia!
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna;
an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 10:46-52 Glóir duit, a Thiarna
Rabúní, mo radharc a bheith agam!
San am sin tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó d’Íosa fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair. Nuair a chuala sé gurbh é Íosa an Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá:
“A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!”
Agus bhagair a lán daoine air a bheith ina thost, ach is ea ba mhó a scread sé:
“A Mhic Dháiví, déan trócaire orm.”
Stad Íosa agus dúirt: “Glaoigí anseo air.”
Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis:
“Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!”
Chaith sé siúd de a bhrat, d’éirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa.
Ansin labhair Íosa leis: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé.
Dúirt seisean leis:“Rabúní, mo radharc a bheith agam!”
Dúirt Íosa leis: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.”
Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196