Nuacht Litir 7/09/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Tríú Domhnach fichead Saor  (Blian C)

(7/9/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           11:00rn
Dé hAoine    11:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

Seán Ó Luasa (Seánaí Con Bán) Baile Mhic Íre

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar hEagna          9:13-18
Cén duine ar féidir leis a dhéanamh amach céard is toil leis an Tiarna?

Cén duine ar féidir leis fios a fháil ar rún Dé nó a dhéanamh amach céard is toil leis an Tiarna?
Mar, tá réasúnaíocht an duine gan mhaith agus is guagach í ár n-intinn.
GODÓir tá an corp somhillte ina ualach ar an anam
agus tá an bhoth thalmhaí ina meáchan ar an aigne shuaite.
Is ar éigean is féidir linn a bhfuil ar an talamh a thomhas
agus ní gan dua a fhaighimid a bhfuil in aice láimhe.
Cé hé ar féidir leis, mar sin, a bhfuil ar neamh a rianú?
Cé a fuair fios ar do rún riamh murar thug tusa an eagna dó
agus murar chuir tú do spiorad naofa chuige ó na flaithis?

Sa tslí sin díríodh bóithre mhuintir an tsaoil seo
agus múineadh do dhaoine céard ab áil leatsa, agus sábháladh iad tríd an eagna.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia

Salm le Freagra       Sm 89: 3-6,12-14, 17, R/v 1
Freagra                       A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.

1.  Déanann tú deannach arís den duine, Á rá: Ar ais libh, a chlann Ádhaimh.’
Óir níl míle bliain i d’fhianaise ach mar an lá a d’imigh tharainn inné;
níl iontu ach faire na hoíche.                                                                                                        Freagra

2.Tugann tú daoine chun siúil mar bhrionglóid nó mar fhéar úrghlas
a eascraíonn is a bhláthaíonn ar maidin is a bhíonn feoite seargtha faoi thráthnóna.     Freagra

3.Múin dúinn ár laethanta a áireamh chun go mbainfimis amach críonnacht chroí
Fill, a Thiarna!-cá fhad? agus bí trócaireach le do sheirbhísigh.                                           Freagra

4. Tabhair dúinn go luath ár sáith de do bhuanghá. is déanfaimid gairdeas is lúcháir de shíor.
Bíodh caoinchineáltas an Tiarna anuas orainn. Bí fabhrach d’obair ár lámh.                    Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig Filómen         9-10. 12-17
Glac leis, nac marsclábhaí a thuilleadh, ach rud níos fearr ná sclábhai – mar bhráthair ionúin.

A bhráithre, mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann. Is é cnú mo chroí é ach táim á chur ar ais chugat, cé go mb’fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil. Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é. B’fhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air, ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí. Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a d’fháilteofá romham féin.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                             Eo 15: 15
Alleluia
, Alleluia!
Thug mé cairde oraibh, a deir an Tiarna, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.             Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás      14:25-33
Gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.

J crucifiedSan am sin bhí sluaite móra á thionlacan, agus d’iompaigh sé agus dúirt leo:
Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.

Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá: ‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’

Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige? Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána.

A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196