Nuacht Litir 21/09/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Cúigiú Domhnach Fichead tráth saor na bliana

(21/9/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           11:00rn
Dé hAoine    11:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT  

Sliocht as  Leabhar Amos, Fáidh             8:4-7
Ina n-aghaidh siúd a dhéanann an bochtán a cheannach le hairgead.


É
istigí leis seo, sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí chun bochtáin na tíre a dhíothú. Sibhse a deir:
Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua,
ionas go ndíolfaimid arbhar,
agus leis an tsabóid, ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh,
agus go ndéanfaimid an t-éafá beag agus an seicil mór
trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,
go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead
agus an t-ainniseoir le péire cuarán, agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?

Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib.
Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu.’

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Salm le Freagra            Sm 112
Freagra                            Molaigí an Tiarna a ardaíonn an duine dealbh.
Malairt Freagra           Alleluia!

1. Alleluia!
Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna, molaigí ainm an Tiarna.
Moladh le hainm an Tiarna i láthair na huaire agus choíche.                              Freagra

2. Tá an Tiarna os cionn na gciníocha, agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.
Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde
a chlaonann ó na harda anuas chun féachaint ar neamh is ar talamh?             Freagra

3. Tógann sé an t-íseal aníos as an deannach, ardaíonn den charn aoiligh an duine dealbh
a chur ina shui i bhfochair a phrionsaí ar aon chéim le prionsaí a phobail.      Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Timóteas                  2:1-8
Ba  cheart go ndéanfaí urnaithe ar son an uiledhuine chun Dé arb áil leis go slánóai an uile dhuine.

  Impím ort sa chéad áit go ndéanfaí urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an lucht ceannais uile, le súil go bhféadfaimis ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin. Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir. Is áil leis go slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne. Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t-aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin; ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom – ceapadh mise i mo bholscaire agus i m’aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.

Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                         Gniom 16: 14
Alleluia, alleluia
!
Oscail ár gcroí, A Thiarna, cun aird a thabhairt ar bhriathra do Mhic
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.        Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás     16:1-13        Glóir duit, a Thiarna.
Ní féidir libh Dia a riaradh agus an t-airgead.

Dúirt sé lena dheisceabail :
Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine. Chuir sé fios air agus dúirt leis:
Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’
Ansin dúirt an maor ina aigne:
‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc. Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’

Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine:Unjust stewart
Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’
Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’
Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’
Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’
Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’

Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais. Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí. An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach? Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis?

Ní féidir le sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir libh Dia a riaradh agus an t-airgead.”

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

 

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196