Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Cuimhneachán na bhFíréan uile atá Marbh
(2/11/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:30 Lá na Naomh Uile
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11:00rn
Dé Máirt 9:30rn
Dé hAoine 9:30 6:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Dé hAoine 10:30
Dé Sathairn 10:00 Lá na Naomh Uile
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Sathairn 11:30 La na Naomh Uile
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Íseáia 25:6-9
Cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.
Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir
cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta,
de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin
a bhí ag clúdach na gciníocha go léir,
agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile; cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.
Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;
tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.
Déarfar an lá sin:
“Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh;
is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis.
Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 26: 1, 4, 7-9
Freagra Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.
Malairt Freagra Creidim go bhfeicfidh m maitheas an Tiarna i dtír na mbeo.
I. Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú; ce a chuirfidh eagla orm?
Is é an Tiarna dúnáras mo bheatha; ce a chuirfidh ar crith mé? Freagra
2. Aon ní amháin a iarraim ar an Tiarna, eilím é seo:
bheith ‘i mo chónaí i dteach an Tiarna fad a bheidh mé beo,
chun go mblaisfinn aoibhneas an Tiarna agus go bhfeicfinn a theampall. Freagra
3. A Thiarna, éist le mo ghuth nuair a screadaim ort déan trócaire orm is freagair mé.
A Thiarna, táim ag cuardach do ghnúise; ná folaigh orm do ghnúis. Freagra
4. Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo.
Fan leis an Tiarna; bí cróga; bíodh do chroí go tréan is fan leis an Tiarna. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 5:5-11
Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé?
A bhráithre, ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás I dtráth ar son drochdhaoine. Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin – is ea, b’fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh. Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé? Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t-athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha? Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t-athmhuintearas sin anois dúinn.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 6: 39
Alleluia, alleluia!
Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom,
ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.
Alleluia
SOISCÉAL (Bliain c) 2025
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lucas 7:11-17 Glóir duit, a Thiarna.
A fhir óig, deirim leat, éirigh!”
San am sin chaigh Íosa isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan. Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi. Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi:
“Ná bí ag gol.” Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!”
Agus d’éirigh an marbh aniar, agus thosaigh ag caint, agus thug sé dá mháthair é. Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá:
“Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.”
Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus na tíre go léir timpeall.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost.
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196