Nuacht Litir 14/12/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Advent: Information or Faith – Sisters of St. Joseph of Carondelet

An Tríú Domhnach den Aidbhint Bliain A

(14/12/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           11:30rn  Féile Giniúna na Maighdine Muire gan Smál
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Dé luain  – 10:00 Féile Giniúna na Maighdine Muire gan Smál

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

John Hoare, Na Cúil (Cools)
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead

 

 

AN TRÍÚ DOMNACH DEN AIDBHINT

advent-3

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh        35:1-6. 10

Is é Dia féin atá ag teacht do bhur slánú.

Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth;
tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.

Maise na Liobáine tugtar dó, scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin;
beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo agus scéimh an Dé seo againne.

Déanaigí láidir na lámha atá faonlag agus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh;God is coming
abraigí le lucht an chroí mhearaithe:
“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.

Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;
Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.”

Déanfar a súile do na daill an uair sin agus réiteofar cluasa na mbodhar; beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir,
agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é.

Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas, agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann;
tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm  145: 6-7, 8-9,10 R/v Is35:4
Freagra                          Tar, a Thiarna, dár slanú.
Malairt Freagra          Alleluia!

I.  An té a sheasann lena bhriathar de shíor, agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois,
is é a thugann bia don ocrach: is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.                                Freagra

2. Osclaíonn sé súile na ndall, tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthfoch, déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach. Freagra

3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan, ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách, ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin.                                                 Freagra

DARA LÉACHT  

Sliocht as céad Litir Séamus        5:7-10
Ná biodh drochmhisneach oraibh; is gearr go dtaga an Tiarna.


waiting-the-harvest
Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach. Bíodh foighne agaibhse chomh maith.

Bíodh misneach agaibh in bhur gcroí mar tá teacht an Tiarna lámh linn. Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais. A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia    

Alleluia Vérsa         Is 61:1
Alleluia,  Alleluia!
Tá Spiorad an Tiarna orm. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na bocht.

Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.                       Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha
11:2-11                  Glóir duit, a Thiarna.
An tú an té atá le teacht no an ceart damn bheith ag súil le duine eile?

John in Jail
San am sin chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin, á rá leis: An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”

Dúirt Íosa leo á bhfreagairt:
Imígí agus insígí d’Eoin a bhfuil á chloisteáil agus a fheiceáil agaibh:
tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin,
éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.
Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”

Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin:
“Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth?
Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín?
Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad.
Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil?
Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air:
Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’

“D
eirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste;
ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.

Soiscéal an Tiarna.      Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

FÓGRA
Dear Parishioners,
We are all very aware of the declining number of priests in our diocese and the reduction to masses. A meeting has taken place in recent weeks in each deanery in the diocese to discuss at a more local level. To this end, looking at our own parish, a very important meeting will take place this coming Wednesday (December 3rd) at the school hall at Scoil Abán Naofa regarding the inevitable changes to mass times and frequency in the future. This will be an informative meeting to discuss our present situation and what we want to see going forward. All are welcome.
7.00-7.45 as Béarla/in English
8.00 – 8.45 as Gaeilge
A chairde an pharóiste,
Tuigimid go léir go bhfuil ganntanas sagart mórthimpeall na deoise, agus níos lú Aifrinntí á rá dá bharr sin.
Le déanaí, reachtaíodh cruinnithe sa deoise maidir leis seo. Uime sin, ag féachaint go háitiúil ar ár bparóiste féin, beidh cruinniú tábhachtach an Chéadaoin seo chugainn (3ú Nollaig) chun é seo agus todhchaí an pharóiste a phlé. Oíche eolais a bheidh i gceist.

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196