Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Séú Domhnach Saor Bliain A
(15/2/2026)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn Adhradh 10:00
Dé Máirt 9:30rn
Dé Ceadoin Lá le Gobnatan 11ú Feabhra
11:00rn, 4:00in, 7:30n. Paidreacha ag Scrín Ghobnatan 3:00in.
Dé hAoine 9:30r.n
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
John Breen Cúm na Cloiche
A fuair bás an tráth seo bhliana
Paddy Cronin Radharc an tSéipéil
Bríd Ní Ríórdáin (Ní Lionáird) (Castle Connell agus Gort na Scairte)
Aindreas Ó Scannaill Cuil Aodha
Neillie Mac Suibhne Claon Rath
Síle Ní Shíocháin Má Réidh
Conchúr (Neilus) Ó Loinsigh, Doire na Sagart
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Jackie agus Kay Horgan Baile Uí Bhuaigh
Kityy Hyde Gort an eadain
Timmy agus Nell Cooney Doirín na Ceartan, Cill na Martra
Cluan Droichead
An Séú Domhnach Saor -Bliain A
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Shíorach 15:15-20
Níor ordaigh sé d’aon duine ríamh bheith aindiaga.
Más áil leat é, is féidir duit na haitheanta a choimeád,
agus ort féin atá sé ag brath a bheith dílis.
Tá tine agus uisce curtha aige os do chomhair;
sín amach do lámh chuig cibé acu is rogha leat.
Tá an bás agus an bheatha os comhair an duine,
agus tabharfar dó cibé acu is mian leis.
Óir is fairsing í eagna an Tiarna; Is mór í a chumhacht agus feiceann sé an uile ní.
Bíonn a shúile ar na daoine a bhfuil eagla orthu roimhe,
agus is eol dó gach beart dá ndéanann an duine.
Níor ordaigh sé d’aon duine riamh a bheith aindiaga,
ná níor thug sé cead d’aon duine riamh peaca a dhéanamh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 118: 1-2, 4-5, 17-18, 33-34
Freagra Is aoibhinn dóibh siúd a chomhlíonann dlí an Tiarna.
I. Is aoibhinn dóibh siúd a bhfuil a slí gan locht, a chomhlíonann dlí an Tiarna.
Is aoibhinn dóibh siúd a dhéanann de réir a thola, a iarrann é óna gcroí go hiomlán. Freagra
2. Thug tú do phroiceapta chun go gcomhlíonfaí iad go beacht.
Á, dá mbeadh mo slite socraithe go daingean chun do reachtanna uile a choimeád. Freagra
3. Bí go maith le do ghiolla, go maire mé, agus go gcoimeáda me do bhriathra.
Oscail mo shúile chun go bhfeice mé íontais do dhlí. Freagra
4. Múin dom, a Thiarna, slí do reachtanna, agus coimeádfaidh mé go beacht iad.
Déan mo theagasc chun do dhlí a chomhlíonadh ionas go gcoimeádainn ó chroí é. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 2:6-10
Cheap Dia an eagna roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinn.
A bhráithre, labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach
ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as. Is í eagna rúnda Dé atá i gceist againne, an eagna a bhí folaithe ó dhaoine ach a bhí ceaptha ag Dia roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinne. Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois. Mar atá scríofa:
“Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne,
is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.”
Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid.Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 5:17-37 Glóir duit, a Thiarna.
Sin mar a dúradh leis na sinsir; ach is é seo a deirimse libh.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
“Ná bígí ag ceapadh gur chun an dlí agus na fáithe a chur ar ceal a tháinig mé.
Ní á gcur ar ceal a tháinig mé ach á gcur i gcrích.
Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích. Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i ríocht na bhflaitheas.
Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i ríocht na bhflaitheas.
Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.
“Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’
Ach is é a deirimse libh: duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn. Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairt d’ofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort, fág d’ofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála. An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpriosún thú. Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an cianóigín deireanach díolta agat.
“Chuala sibh go ndúradh: ‘Ná déan adhaltranas.’
Ach is é a deirimse libh: duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí. Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann. Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in ifreann.
“Dúradh fós: ‘Má scaoileann duine a bhean uaidh tugadh sé litir idirscartha di.’
Ach is é a deirimse libh: gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.
“Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomhlíonadh don Tiarna.’
Ach is é a deirimse libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar neamh, óir is é ríchathaoir Dé é; ná dar an talamh, óir is é stól a chos é; ná dar Iarúsailéim, óir is í cathair an Rí mhóir í; ná mionnaigh dar do cheann ach chomh beag, mar ní féidir duit aon ribe amháin de a dhéanamh geal ná dubh. Is é amháin is ráite daoibh: ‘Is ea, is ea.’ ‘Ní hea, ní hea.’ Focal thar an méid sin, is ón Olc é!
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196