Nuacht Litir 8/2/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Cúigiú Domhnach Saor Bliain A

(8/2/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain          11:00rn  Féile na gCoinneal
Dé Máirt            9:30rn

                             7:30  Beanú na Scórnach
Dé hAoine        6:00r.n

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn   (Dealbh Ghobnatan le tomhas i láthair ó 9:30)

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Máirt—11.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 

 

 An Cúigiú Domhnach Saor -Bliain A

CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Íseáia, Fáidh      58:7-10
Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan

Seo mar a deir an Tiarna:
Do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh,
éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht

agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.
Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan
agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí.

Rachaidh d’fhíréantacht romhat amach
agus glóir an Tiarna i do dhiaidh.
Ansin, má ghlaonn tú, tabharfaidh an Tiarna freagra ort;
nuair a scairtfidh tú, déarfaidh sé: “Seo anseo mé.”

Má dhíbríonn tú an leatrom as do chúrsaí,
bagairt na méire agus an chaint urchóideach,
má thugann tú do chuid aráin don ocrach
agus a sháith don duine dearóil,
éireoidh do sholas sa dorchadas agus beidh do ghruaim ina loinnir mheán lae.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm 111:4-9, R/v1
Freagra                          Lonraíonn an dea-dhuine sa dorchacht do dhaoine cneasta.

1. Lonraíonn sé sa dorchacht do dhaoine cneasta: is trócaireach é, is fial, is ionraic.
Bíonn an dea-dhuine carthanach airleacthach, riarann sé a ghnó go ceart onórach.                   Freagra

2. Ní chorrófar an fíréan choíche: mairfidh a chuimhne go brách na breithe.
Ní chuirfidh drochscéal eagla air; is daingean a chroí, is e an Tiarna a dhóchas.                          Freagra

3. Is dílis daingean a chroí gan eagla; feicfidh sé a naimhde agus iad á dtreascairt.
Dáileann sé a chuid go fial ar lueht an ghátair.Maireann a fhéile go brách agus choíche.         Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Coirintigh         15: 3-8. 11
Fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh.

I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna. Shocraigh mé i m’aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh. Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán d’uamhan agus d’eagla. Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m’fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta, i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa             Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé. 
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eóin          5: 13-16
Is sibhse solas an domhain

light of the worldSan am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
“Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.

Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt. Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.

Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.

Soiscéal an Tiarna.                   Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

FÓGRA
Dear Parishioners,
We are all very aware of the declining number of priests in our diocese and the reduction to masses. A meeting has taken place in recent weeks in each deanery in the diocese to discuss at a more local level. To this end, looking at our own parish, a very important meeting will take place this coming Wednesday (December 3rd) at the school hall at Scoil Abán Naofa regarding the inevitable changes to mass times and frequency in the future. This will be an informative meeting to discuss our present situation and what we want to see going forward. All are welcome.
7.00-7.45 as Béarla/in English
8.00 – 8.45 as Gaeilge
A chairde an pharóiste,
Tuigimid go léir go bhfuil ganntanas sagart mórthimpeall na deoise, agus níos lú Aifrinntí á rá dá bharr sin.
Le déanaí, reachtaíodh cruinnithe sa deoise maidir leis seo. Uime sin, ag féachaint go háitiúil ar ár bparóiste féin, beidh cruinniú tábhachtach an Chéadaoin seo chugainn (3ú Nollaig) chun é seo agus todhchaí an pharóiste a phlé. Oíche eolais a bheidh i gceist.

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196