Nuacht Litir 1/2/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ceathrú Domhnach Saor Bliain A

(2/2/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           9:30rn  Adhradh 10:00 – 5:00
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Máirt—11.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 

 

 

 An Ceathrú Domhnach Saor -Bliain A

CÉAD LÉACHT  

Sliocht as an Leabhar Sófania, fáidh. 2:3. 3:12-13
Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár.

Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tíre, a chomhlíonann a reacht.
Lorgaigí an fhíréantacht, lorgaigí an uirísle;
b’fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean ar lá dhíbheirg an Tiarna.
Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.
Ní dhéanfaidh siad aon éigeart, ní mó ná a inseoidh siad bréaga,
agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal.
Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth, agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”

Salm le Freagra          Sm 145: 7-10 R/v Mat 5:3
Freagra                         Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.

I.  An té a sheasann lena bhriathar de shíor, agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois,
is é a thugann bia don ocrach: is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.           Freagra

2. Osclaíonn sé súile na ndall, tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch, déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach. Freagra

3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan, ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách, ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin.                           Freagra

DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh   1:26-31
Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.

Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal. Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú. Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní, ionas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh I bhfianaise Dé. Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt. Dá réir sin, mar atá scríofa: “An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.”

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa              Eo 15: 15

Alleluia, alleluia!

Thug mé cairde oraibh, a deir an Tiarna,
óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.        Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha,  5:1-12          Glóir duit, a Thiarna.
Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad.

Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh Íosa síos agus tháinig a
dheisceabail chuige. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:

Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.
“Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.
“Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.
Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.
“Is méanar dóibh seo a d’fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.

“Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

FÓGRA
Dear Parishioners,
We are all very aware of the declining number of priests in our diocese and the reduction to masses. A meeting has taken place in recent weeks in each deanery in the diocese to discuss at a more local level. To this end, looking at our own parish, a very important meeting will take place this coming Wednesday (December 3rd) at the school hall at Scoil Abán Naofa regarding the inevitable changes to mass times and frequency in the future. This will be an informative meeting to discuss our present situation and what we want to see going forward. All are welcome.
7.00-7.45 as Béarla/in English
8.00 – 8.45 as Gaeilge
A chairde an pharóiste,
Tuigimid go léir go bhfuil ganntanas sagart mórthimpeall na deoise, agus níos lú Aifrinntí á rá dá bharr sin.
Le déanaí, reachtaíodh cruinnithe sa deoise maidir leis seo. Uime sin, ag féachaint go háitiúil ar ár bparóiste féin, beidh cruinniú tábhachtach an Chéadaoin seo chugainn (3ú Nollaig) chun é seo agus todhchaí an pharóiste a phlé. Oíche eolais a bheidh i gceist.

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196