Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Tríú Domhnach Saor Bliain A
(25/1/2026)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Máirt—11.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
An Tríú Domhnach Saor -Bliain A
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Íseáia, fáidh 8:23-9:3
I nGailíl na gciníocha chonaic an pobal solas mór.
San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san amatá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl nagciníocha.
An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas, chonaic siad solas mór;
agus ar mhuintir na tíre gruama tá solas ag lonrú.
Chuir tú go mór lena n-áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir;
tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,
mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,
amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.
Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí,
agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá Midian
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 26; 1, 4, 13-14. R/v 1
Freagra Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.
1. Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.: cé a chuirfidh eagla orm?
Is é an Tiarna dúnáras me bheatha: cé a chuirfidh ar crith me? Freagra
2. Aon ní amhain a iarraim ar an Tiarna, eilím é seo:
bheith i mo chónaí i dteach an Tiarna fad a bheidh mé beo,
chun go mblaisfinn aoibhneas an Tiarna agus go bhfeicfinn a theampall. Freagra
3. Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna, i dtír na mbeo.
Fan leis an Tiarna; bí cróga; bíodh do chroí go tréan is fan leis an Tiarna. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 1:10-13. 17
Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn. Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile. Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá:
“leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apollós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.”
An amhlaidh atá Críost roinnte ina choda? An é Pól a céasadh ar an gcrois ar bhur son?
An in ainm Phóil a baisteadh sibh?
Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín
eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Mth 4: 23
Alleluia, alleluia!
D’fógair Íosa Dea-Scéal na ríochta, agus leigheas sé gach galar
agus gach éagruas i measc an phobail.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 4:12-23 Glóir duit, a Thiarna.
Chuir sé faoi i gCafarnáum chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh.
Nuair a chuala Íosa go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. D’fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
“Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím, bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin,
Gailíl na gciníocha, an pobal a bhí ina suí sa dorchadas, chonaic siad solas mór,
an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis, d’éirigh solas chucu.”
Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá:
“Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. Labhair sé leo:
“Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”
D’fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.
Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n-athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.
D’fhág siad an bád agus a n-athair láithreach agus lean siad é.
Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt
dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196