Nuacht Litir 18/1/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach Saor Bliain A

(18/1/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Dé Máirt  – 10:00 Nodhlaig na mBan

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Máirt—11.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

John Hoare, Na Cúil (Cools)
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead

 

 

 

 An Dara Domhnach Saor -Bliain A

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Íseáia         49:3.5-6
Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.

Dúirt an Tiarna liom,
“Is tú mo ghiolla Iosrael trína saothróidh mé glóir dom féin.”
Bhí maise orm i súile an Tiarna, ba é mo Dhia mo neart.light-of-the-ntions
Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt,
an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó,
le go mbailínn Iacób ar ais chuige,
le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:

“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam
chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin,
chun ar slánaíodh d’Iosrael a thabhairt ar ais.
Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha,chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm le Freagra            Sm 39: 2, 4, 7-10, R/v 8, 9,
Freagra                           Féach, táim ag teacht, a Thiarna, chun do thoil a dhéanamh

1. Bhí dóchas agam, bhí dóchas agam sa Tiarna, agus chlaon sé a chluas chugam
agus d’éist le m’éamh.
Chuir sé amhrán nua i mo bhéal, amhrán molta dár nDia.          Freagra

2. Íobairt ná ofráil níor thoil leat ach d’oscail tú cluasa dom.
loseadh níor theastaigh uait, ná íobairt in éiric an pheaca.
Ansin dúirt mé: ‘Féach, táim ag teacht.’                                           Freagra

3.  ‘I rolla an leabhair tá scríofa i mo thaobh: is ail liom do thoil a dhéanamh, a Dhia,
agus tá do dhlí go domhain i mo chroí.’                                            Freagra

4. D’fhoilsigh mé d’fhíréantaeht sa mhórdhail. Feach, níor chuir mé cosc le mo bheola:
is eol duitse é, a Thiarna.                                                                    Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Coirintigh           1:1-3
An té is Tiarna orainne agus orthusan: grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

Mise Pól, a bhfuil glaoite air de dheoin Dé chun bheith ina aspal ag Íosa Críost, agus an bráthair Sóstainéas in éineacht liom, chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan: grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa            Eoin: 1:14. 12
Alleluia, Alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin         1:29-34        Glóir duit, a Thiarna.
Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

San am sin chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé:Jesus lamb of God
Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain. Eisean an té a ndúirt mé faoi:
‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’ Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun, go nochtfaí d’Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce.”

Agus thug Eoin fianaise:
Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air. Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom:

An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’ Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.”

Soiscéal an Tiarna.         Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

FÓGRA
Dear Parishioners,
We are all very aware of the declining number of priests in our diocese and the reduction to masses. A meeting has taken place in recent weeks in each deanery in the diocese to discuss at a more local level. To this end, looking at our own parish, a very important meeting will take place this coming Wednesday (December 3rd) at the school hall at Scoil Abán Naofa regarding the inevitable changes to mass times and frequency in the future. This will be an informative meeting to discuss our present situation and what we want to see going forward. All are welcome.
7.00-7.45 as Béarla/in English
8.00 – 8.45 as Gaeilge
A chairde an pharóiste,
Tuigimid go léir go bhfuil ganntanas sagart mórthimpeall na deoise, agus níos lú Aifrinntí á rá dá bharr sin.
Le déanaí, reachtaíodh cruinnithe sa deoise maidir leis seo. Uime sin, ag féachaint go háitiúil ar ár bparóiste féin, beidh cruinniú tábhachtach an Chéadaoin seo chugainn (3ú Nollaig) chun é seo agus todhchaí an pharóiste a phlé. Oíche eolais a bheidh i gceist.

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196