Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Chéad Domhnach den Charghas Bliain A
(22/2/2026)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn
Dé Máirt 9:30rn
Dé Ceadoin Ceadaoin na Luathraigh 9:30,
Dé hAoine 9:30r.n Adhradh na Croise 10:00 – 05:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn (ní bheidh Cór)
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Luain 10:30
Dé Máirt 7:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
Kitty Kelleher (Nee Hurley) Doirín Aluinn & Dunmanway
Sochraid Dé Luain taréis aifreann 2:00 i mBaile Mhuirne go reilig Ghobnatan
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
An Chéad Domhnach den Charghas -Bliain A
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Genesis 2:7-9, 3:1-7
Cruthtú agus peaca an tsinsir.
Chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé. Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.
Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean:
“An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?”
Dúirt an bhean leis an nathair nimhe:
“Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe: ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: ‘ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás’.”
Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean:
“Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin! Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n-osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.”
Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d’ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d’ith sé é. Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d’fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 50: 3-6, 2-12-13, 14, 17
Freagra Déan trócaire orainn, a Dhia, mar gur pheacaíomar.
I. Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá; de réir do mhórthruamhéile scrios amach mo chionta.
Nigh m’urchóid díom go hiomlán agus glan díom mo pheaca. Freagra
2. Óir aithním mo chionta go maith agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.
I do choinnese amháin a pheacaigh mé,agus an ní is olc i d’fhianaise is é a rinne mé. Freagra
3. Cruthaigh croí glan dom, a Dhia, agus cuir isteach ionam spiorad daingean.
Ná teilg ó do radharc mé,agus do spiorad naofa ná bain díom. Freagra
4. Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe agus tabhair spiorad na díograise dom mar thaca.
A Thiarna, oscail mo bheola agus foilseoidh mo bhéal do mholadh. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Rómhánaigh 5:12-19
An áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó Fós a mhéadaigh ar an ngrásta.
A bhráithre, tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.:
Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.
Agus ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an toradh a bhí ar pheaca an duine aonair é: tháinig breithiúnas an daortha as coir aonair, ach is as coireanna iomadúla a tháinig tabhartas an tsaortha. Más trí choir an aon duine amháin a tháinig an bás i réim tríd an aon duine amháin, is mó go mór ná sin a bheidh réimeas na beatha tríd an aon duine amháin Íosa Críost, acu siúd a fhaigheann flúirse den ghrásta agus de thabhartas na fíréantachta.
Dá réir sin, faoi mar tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin. Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanná déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin.
_________________________
DARA LÉACHT (sliocht gearr)
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Rómhánaigh 5:12-19
An áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó Fós a mhéadaigh ar an ngrásta.
A bhráithre, tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca.
Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost. Dá réir sin, faoi mar tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin. Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanná déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
______________________________
Véarsa Mth4: 4
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 4: 1-11 Glóir duit, a Thiarna.
Déanann Iosa troscadh ar feadh daichead lá agus cuirtear cathú air.
San am sin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt:
“Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”
Dúirt sé á fhreagairt:
“Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’”
Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis:
“Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’”
Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”
Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis: “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do m’adhradh.”
Dúirt Íosa leis ansin:“Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”
Ansin d’fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196