Nuacht Litir 1/3/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach den Charghas Bliain A

(1/3/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain          9:30rn
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n  Adhradh na Croise 10:00 – 05:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Luain      10:30
Dé Máirt   7:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn   6:00in

 

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

Nóirín (Ní Shuilleabháin) Uí Dhálaig  Cúil Aodha, Tráighlí agus Dún Chaoin

Sochraid Dé Luain taréis aifreann 12:00 i gCuil Aodha go reilig Dhún Chaoin

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 

 

An Dara Domhnach den Charghas -Bliain A

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Geineasas             12:1-4
Glaoch Abráhám, athair Phobal Dé.

Dúirt an Tiarna le hAbrám:
“Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit. Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d’ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.call of Abraham

Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort. Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort.
Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile An domhain iad féin a bheannú.”

D’imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis.

Briathar an Tiarna               Buíochas le Dia

Salm le Freagra               Sm 32: 4-5, 18-20. 22. R/v 22
Freagra                              Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,  de réir an dóchais a chuirimid ionat.

1. Óir is dílis é briathar an Tiarna, agus is iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart; tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna.                           Freagra

2. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe, orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás is go gcothódh sé iad in am an ghorta.         Freagra

3. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna: is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.                      Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as dara Litir Naomh Pól chuig Timóteas            1:8-10
Glaonn Dia orainn agus soilsíonn sinn.

Bhráthair: fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais faighte agat ó Dhia.
Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr on ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin.

Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Véarsa                                      Mt 17:5

Cloiseadh glór an Athar as an scamall solasmhar:
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis.’

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha         17:1-9        Glóir duit, a Thiarna.
Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine.

TransigureSan am sin rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d’éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis.
Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa,is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias.”

Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall:
Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”

Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d’uamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin.

Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”

 Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

FÓGRA
Dear Parishioners,
We are all very aware of the declining number of priests in our diocese and the reduction to masses. A meeting has taken place in recent weeks in each deanery in the diocese to discuss at a more local level. To this end, looking at our own parish, a very important meeting will take place this coming Wednesday (December 3rd) at the school hall at Scoil Abán Naofa regarding the inevitable changes to mass times and frequency in the future. This will be an informative meeting to discuss our present situation and what we want to see going forward. All are welcome.
7.00-7.45 as Béarla/in English
8.00 – 8.45 as Gaeilge
A chairde an pharóiste,
Tuigimid go léir go bhfuil ganntanas sagart mórthimpeall na deoise, agus níos lú Aifrinntí á rá dá bharr sin.
Le déanaí, reachtaíodh cruinnithe sa deoise maidir leis seo. Uime sin, ag féachaint go háitiúil ar ár bparóiste féin, beidh cruinniú tábhachtach an Chéadaoin seo chugainn (3ú Nollaig) chun é seo agus todhchaí an pharóiste a phlé. Oíche eolais a bheidh i gceist.

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment