Nuacht Litir 8/3/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Tríú Domhnach den Charghas Bliain A

(8/3/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain          9:30rn
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n  Adhradh na Croise 10:00 – 05:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Luain      10:30
Dé Máirt   7:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn   6:00in

 

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 

 

An Tríú Domhnach den Charghas -Bliain A

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Exodus           17:3-7
Tabhair dúinn uisce le hól.

mOSES rOCK AT HOREBBhí íota tarta ar an bpobal agus rinneadar monabhar in aghaidh Mhaois.
Cad chuige ar thug tú amach as an Éigipt sinn?” ar siad.
“An d’fhonn go gcuirfeá sinn féin agus ár gclann agus ár stoc chun báis le tart?”
Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.”
Agus dúirt an Tiarna le Maois:
“Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat. Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.
Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael. Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra          Sm 94:1-2, 6-9, R/v8

Freagra                        Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu:  ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’

1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna,  tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí, déanaimis gairdeas dó le laoithe.                              Freagra

2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis, feacaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh.               Freagra

3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Na calcaigí bhur gcroí mar a tharla i Meríba,
mar a tharla an lá úd ag Masá san fhásach mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’                                                        Freagra

DARA LÉACHT              

Sliocht as  Litir Naomh Pól chuig na  Rómhánaigh            5:1-2. 5-8  
Tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn

   Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid, agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine. Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin – is ea, b’fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.

Briathar an Tiarna                              Buíochas le Dia

Comhghair an tSoisceil                 Eo 4:42, 15
A Thiarna, is tú dáiríre Slánaitheoir an tsaoil;
tabhair dom on t-uisce beo i dtreo nach mbeidh tart orm choíche.

SOISCÉAL                     

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin             4:5-42
Tobar uisce ag brúchtail chun na beatha síoraí.

San am sin tháinig Íosa mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é. Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce.
Dúirt Íosa léi: Tabhair dom deoch.” Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.Samaritan woman
D’fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,“agus cé hé a deir leat:
Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo? An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”
D’fhreagair Íosa:
Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi, “beidh tart arís air. Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Dúirt an bhean leis:
“A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”
Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d’fhear agus fill anseo.”
D’fhreagair an bhean: “Níl fear agam,”
Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’; óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d’fhear é. D’inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”
Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.”
Dúirt Íosa léi: Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh. Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú.
Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh. Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”

Dúirt an bhean leis: Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” – is é sin le rá an Críost – “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”
Dúirt Íosa léi: Mise é atá ag caint leat.”

Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: Cad tá uait?” Cén fáth tú a bheith ag caint léi?
Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d’imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine:
Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d’inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?”
Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.

Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”
Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.”
Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?
Dúirt Íosa leo Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.
Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’?
Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.
Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.
Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo: ‘ Cuireann duine, baineann duine eile.’ Sheol mise sibhse uaim chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin. Shaothraigh daoine eile é, agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.”

Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: D’inis sé dom gach ní dá ndearna mé.
Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d’fhan sé ansiúd dhá lá. Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair agus deiridís leis an mbean:
Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

FÓGRA
Dear Parishioners,
We are all very aware of the declining number of priests in our diocese and the reduction to masses. A meeting has taken place in recent weeks in each deanery in the diocese to discuss at a more local level. To this end, looking at our own parish, a very important meeting will take place this coming Wednesday (December 3rd) at the school hall at Scoil Abán Naofa regarding the inevitable changes to mass times and frequency in the future. This will be an informative meeting to discuss our present situation and what we want to see going forward. All are welcome.
7.00-7.45 as Béarla/in English
8.00 – 8.45 as Gaeilge
A chairde an pharóiste,
Tuigimid go léir go bhfuil ganntanas sagart mórthimpeall na deoise, agus níos lú Aifrinntí á rá dá bharr sin.
Le déanaí, reachtaíodh cruinnithe sa deoise maidir leis seo. Uime sin, ag féachaint go háitiúil ar ár bparóiste féin, beidh cruinniú tábhachtach an Chéadaoin seo chugainn (3ú Nollaig) chun é seo agus todhchaí an pharóiste a phlé. Oíche eolais a bheidh i gceist.

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment