Nuacht Litir 15/3/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ceathrú Domhnach den Charghas Bliain A

(15/3/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain          9:30rn
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n  Adhradh na Croise 10:00 – 05:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Luain      10:30
Dé Máirt   7:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn   6:00in

 

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 

 

AN CEATHRU DOMHNACH DEN CHARGHAS Blian A

Céad Léacht     

Sliocht as an Leabhar Samuél             16:1. 6-7.10-13
Ungtar Dáivi mar rí ar Isráél.

Dúirt an Tiarna le Samúéil: Líon d’adharc d’ola agus imigh leat. Táim do do chur go
Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”
Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.”
Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”
Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil.
Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.”

D’fhiafraigh sé ansin de Ieise: An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?”David -King
“Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.”
Dúirt Samúéil le Ieise: Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.” Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.”

Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dhearthireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d’fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d’éirigh sé agus d’imigh go Rámá.

Salm le Freagra           Sm 32: 1-3, 3-4, 5-6. R/v 1.
Freagra :                         Is é an Tiarna m’aoire. ní bheidh aon ní de dhíth orm.

I. Is é an Tiarna m’aoire. ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí mé i móinéar féaruaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé, mar a bhfaighim suaimhneas.             Freagra

2. Séolann sé mé ar rianta díreacha mar gheall ar a ainm.
Fiú da siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc .
agus tú faram Ie do shlat is do bhachall chun só1ás a thabhairt dom.    Freagra

3. Cóiríonn tú bord chun béile dom i bhfianaise mo naimhde;
Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupán ag cur thar maoil.             Freagra

4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé gach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.                           Freagra

LightDara Léacht

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh     5:8-14
Eirigh ó na mairbh agus soilseoidh Criost thú.

A bhráithre, mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais – bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne. Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh. Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim. Gach uile ní a nochtar faoinm solas, áfach, éiríonn sé follasach agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear:Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.”

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Véarsa                                 Eo 8:12
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna; an té a leanfaidh mise
beidh solas na beatha aige.

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.           Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin            9:1-41     Glóir duit, a Thiarna.
D‘imigh sé, nigh é féin agus dfill agus a radharc aige.

San am sin ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn.
D’fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?”
D’fhreagair Íosa: Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.

clay on eyeFad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh;
tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d’aon duine obair a dhéanamh.
An fad atáim ar an saol is mé solas an tsaoil.”

Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill agus dúirt sé leis: Imigh agus nigh i Linn Siolóam” – is é sin le rá, Seolta. D’imigh sé, nigh é féin agus d’fhill agus a radharc aige.

Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?”
Dúirt daoine: Is é.” Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.
Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?
D’fhreagair sé: An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D’imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.”
D’fhiafraigh siad: “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar sé.
Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth. Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d’oscail sé súile an duine.

blind manD’fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.” Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu. Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó d’oscail sé do shúile?” D’fhreagair sé:Fáidh is ea é.”
Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc agus gur cheistigh siad iad: “An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?” ar siad. “Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?
D’fhreagair a thuismitheoirí: Is eol dúinn,” ar siad, “gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é. Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d’oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.” Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d’admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg. Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: “Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.”

Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.” D’fhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é – níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé I mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.” Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a d’oscail sé do shúile?” D’fhreagair sé iad: “D’inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?”
Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: “Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne. Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.
D’fhreagair an fear: “Is iontach an rud é go deimhin,” ar sé leo, “nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa. Tá a fhios againn nach n-éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin. Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall. Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.” D’fhreagair siad agus dúirt leis:I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.

Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?”
D’fhreagair seisean: “Cé hé féin, a thiarna?” – ar sé leis – “chun go gcreidfinn ann.”
Dúirt Íosa leis:
Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é.” Dúirt seisean: “Creidim, a Thiarna,” agus rinne sé ómós dó.
Dúirt Íosa: “Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”

Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis:
Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”
Dúirt Íosa leo: Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.”

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

FÓGRA
Dear Parishioners,
We are all very aware of the declining number of priests in our diocese and the reduction to masses. A meeting has taken place in recent weeks in each deanery in the diocese to discuss at a more local level. To this end, looking at our own parish, a very important meeting will take place this coming Wednesday (December 3rd) at the school hall at Scoil Abán Naofa regarding the inevitable changes to mass times and frequency in the future. This will be an informative meeting to discuss our present situation and what we want to see going forward. All are welcome.
7.00-7.45 as Béarla/in English
8.00 – 8.45 as Gaeilge
A chairde an pharóiste,
Tuigimid go léir go bhfuil ganntanas sagart mórthimpeall na deoise, agus níos lú Aifrinntí á rá dá bharr sin.
Le déanaí, reachtaíodh cruinnithe sa deoise maidir leis seo. Uime sin, ag féachaint go háitiúil ar ár bparóiste féin, beidh cruinniú tábhachtach an Chéadaoin seo chugainn (3ú Nollaig) chun é seo agus todhchaí an pharóiste a phlé. Oíche eolais a bheidh i gceist.

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment