Nuacht Litir 22/2/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Chéad Domhnach den Charghas Bliain A

(22/2/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain          9:30rn
Dé Máirt            9:30rn
Dé Ceadoin  Ceadaoin na Luathraigh             9:30,
Dé hAoine        9:30r.n  Adhradh na Croise 10:00 – 05:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn  (ní bheidh Cór)
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Luain      10:30
Dé Máirt   7:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn

 

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

Kitty Kelleher (Nee Hurley) Doirín Aluinn & Dunmanway

Sochraid Dé Luain taréis aifreann 2:00 i mBaile Mhuirne go reilig Ghobnatan

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 

 

An Chéad Domhnach den Charghas -Bliain A

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Genesis               2:7-9, 3:1-7
Cruthtú agus peaca an tsinsir.


C
hum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé. Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.

Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean:
“An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?
Dúirt an bhean leis an nathair nimhe:
Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe: ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: ‘ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás’.”
Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean:Adam & Eve
“Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin! Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n-osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.”

Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d’ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d’ith sé é. Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d’fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

Salm le Freagra                  Sm 50: 3-6, 2-12-13, 14, 17
Freagra                                 Déan trócaire orainn, a Dhia, mar gur pheacaíomar.

I. Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá; de réir do mhórthruamhéile scrios amach mo chionta.
Nigh m’urchóid díom go hiomlán agus glan díom mo pheaca.                                                       Freagra

2. Óir aithním mo chionta go maith agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.
I do choinnese amháin a pheacaigh mé,agus an ní is olc i d’fhianaise is é a rinne mé.              Freagra

3. Cruthaigh croí glan dom, a Dhia, agus cuir isteach ionam spiorad daingean.
Ná teilg ó do radharc mé,agus do spiorad naofa ná bain díom.                                                      Freagra

4. Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe agus tabhair spiorad na díograise dom mar thaca.
A Thiarna, oscail mo bheola agus foilseoidh mo bhéal do mholadh.                                             Freagra

DARA LÉACHT  

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Rómhánaigh            5:12-19
An áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó Fós a mhéadaigh ar an ngrásta.


A
bhráithre, tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.:

Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.

Agus ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an toradh a bhí ar pheaca an duine aonair é: tháinig breithiúnas an daortha as coir aonair, ach is as coireanna iomadúla a tháinig tabhartas an tsaortha. Más trí choir an aon duine amháin a tháinig an bás i réim tríd an aon duine amháin, is mó go mór ná sin a bheidh réimeas na beatha tríd an aon duine amháin Íosa Críost, acu siúd a fhaigheann flúirse den ghrásta agus de thabhartas na fíréantachta.

Dá réir sin, faoi mar tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin. Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanná déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin.

_________________________

DARA LÉACHT  (sliocht gearr)

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Rómhánaigh            5:12-19
An áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó Fós a mhéadaigh ar an ngrásta.


A
bhráithre, tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost. Dá réir sin, faoi mar tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin. Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanná déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin.

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

______________________________

Véarsa                                       Mth4: 4
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.           Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha       4: 1-11    Glóir duit, a Thiarna.
Déanann Iosa troscadh ar feadh daichead lá agus cuirtear cathú air.


S
an am sin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt:Jesus fasted
Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.
Dúirt sé á fhreagairt:
Tá sé scríofa:Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’”

Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis:
Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’
Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”

Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis:  “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do m’adhradh.”
Dúirt Íosa leis ansin:Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”

Ansin d’fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.

Soiscéal an Tiarna.         Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

FÓGRA
Dear Parishioners,
We are all very aware of the declining number of priests in our diocese and the reduction to masses. A meeting has taken place in recent weeks in each deanery in the diocese to discuss at a more local level. To this end, looking at our own parish, a very important meeting will take place this coming Wednesday (December 3rd) at the school hall at Scoil Abán Naofa regarding the inevitable changes to mass times and frequency in the future. This will be an informative meeting to discuss our present situation and what we want to see going forward. All are welcome.
7.00-7.45 as Béarla/in English
8.00 – 8.45 as Gaeilge
A chairde an pharóiste,
Tuigimid go léir go bhfuil ganntanas sagart mórthimpeall na deoise, agus níos lú Aifrinntí á rá dá bharr sin.
Le déanaí, reachtaíodh cruinnithe sa deoise maidir leis seo. Uime sin, ag féachaint go háitiúil ar ár bparóiste féin, beidh cruinniú tábhachtach an Chéadaoin seo chugainn (3ú Nollaig) chun é seo agus todhchaí an pharóiste a phlé. Oíche eolais a bheidh i gceist.

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment