Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 28ú Samhain 2021
An Céád Domhnach den Aidbhint
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Cuirfear leis an Nuachtlitir seo suas go tráthnóna Dé hAoine/This newsletter will be edited up to Friday evening.
Gnáth Aifrinntí sa Pharóiste / Regular Mass in the Parish
Féach Nuachtlitir míosúil do laetheanta speisialta as seo go Nodhlaig
See monthly newsletter to see arrangements from now to December
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann an Domhnaigh seo i gCuil Aodha @10:00
Beidh aifreann an Domhnach 5/12/21 ar 11:00 do RnaG agus Éigse Dhiarmuidín
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Neansaí Bn Uí Mhuirithe Doire an Chuilinn, Cúil Aodha
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Diarmuid, Cáit agus Concubhar O Duinnin. Cúil Aodha.
Diarmuid Joey Ó Connaill, Cul na Cathrach agus Cill na Martra
Seán Ó Fionagáin, Doire na Sagart
Dennis J. Ó Loinsigh. Na hUlláin
Sile O Brien
Síle Cotter, Cúl na Cathrach
Brian Ó Ríordáin ó Chaol an Phréacháin,
Máire Bn Mhic Suibhne, Gort na Scairte.
Paddy Joe Ó Duinnín. Cuil Aodha agus Corcaigh
James O’Driscoll, Dún Manmhaoí
Eileen O Ríordáin, Baile Mhic Íre
Máirín Folan, Na Ceapacha
Paddy Kissane, Sliabh Riach
Jack Shine, Na Flatts, Baile Mhic Íre
Ronnie McShane, Baile Atha Cliath agus Londain.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Irimia, 33:14-16
Cuirfidh mise d’fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví.
Féach, tá na laethanta ag teacht – an Tiarna a labhraíonn – agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá:
‘Sna laethanta sin agus san am sin
cuirfidh mise d’fhiacha ar Bheangán fíréanta
fás suas do Dháiví,
agus cleachtfaidh sé macántacht agus ionracas sa tír
sábhálfar Iúdá sna laethanta sin
agus mairfidh Iosrael i ndóchas.
Agus is é seo an t-ainm a thabharfar ar an gcathair:
An Tiarna Ár bhFíréantacht.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
SALM LE FREAGRA Sm 24
Freagra Chugatsa a thógaim m’anam, a Thiarna.
- Taispeáin do shlite dom, a Thiarna,
agus teagasc dom do rianta.
Treoraigh mé d’fhírinne agus teagasc mé
óir is túsa, a Dhia, mo Shlánaitheoir. Freagra - Is maith is is díreach é an Tiarna.
Taispeánann sé an tslí do na peacaigh.
Díríonn sé an fear umhal san fhíréantacht;
múineann sé a shlí do na bochtáin Freagra - Buanghrá is dílseacbt cosáin uile an Tiarna
dóibh gcomhlíonann a chonradh is a aithne.
Tá gean an Tiarna orthu a dtugann urraim dó
is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh 3:12-4:2
Go ndaingní an Tiarna bhur gcroíthe sa naofacht ar theacht dár dTiarna Íosa.
A bhráithre, go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh. Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.
Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne – conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim ag iarraidh mar achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós. Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Sm 84:8
Alleluia, alleluia!
Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn do shlánú
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 21:25-28, 34-36 Glóir duit, a Thiarna.
Tá bhur bhfuascailt in aice láimhe.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
“Beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige; daoine i bhfantaisí éaga de bharr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus le glóir mhór. Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in aice láimhe.
Ach tugaigí aire daoibh féin gan ligean do bhur gcroí éirí garbh de bharr ragairne nó meisce nó cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir. Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar bhur gcumas dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Maragadh na Nollag. In Árus Éamon Mac Suibhne 10;00 – 1:00 De Domhnaigh 5/12/2021
Togha gach féirín is bia áitiúil
Local Christmas Market
Scéim Amhránnaíochta Aislinn Gheal
Ní bheidh amhránathon i mbliana sa Mhuileann toisc Covid.
Beidh bailiúcháin ag gach séipéal sa cheantar ar 5/12/2021 chun cabhrú le díol as a scéim seo i scoilleana na duichí.
There will be no Amhránathón this year due to Covid. There will be a ChurchGate Colletion on 5/12/2021 to raise funds and help pay for the free scheme teaching singing in all the schools of Múscraí.
Bígí fial i mbliana más é bhúr dtoil é.
Acadamh Fódhla ag Nóchta leac do Erskine Childers.
Nóchtfar Leac ag comoradh erskine Childers i Reidh na nDoirí De Dommhnaigh 5/12/2021 @1:30.
Beidh Cathal Mac Suibhne Brugha dá dhéanamh seo thar cheann Muintir Childers.
Beidh sé ar thaobh an bhóthair ar an dtaobh shoir den gCrois i Réidh na nDoirí.
Tá sé ag marcáil an ionad mar a raibh sé ag foilsiú ar son na bPoblachtánach gur gabhadh é is cuireadh chun báis. Athair an Uachtarán Childers a bhí ann ag bhí leithéidí Frank O Connor ag cabhrú leis is iad faoi chosaint mhuintir na háite.
Cártaí Nollag ó Loch Deirg Naofa
Tá an siopa in’ Ionad Oilthireachta Loch Deirg ag díol Cártaí Nollag agus tá an eolas thíos faoi.
Lough Derg online shop offers unique Christmas Cards, featuring scenes of the Island from across the centuries and bespoke Gifts including a limited edition Lough Derg Christmas Candle. Christmas Mass Bouquet Cards are also available – Fr La, Prior, will offer a triduum of Masses beginning on Christmas Eve for all those who are enrolled. Visit www.loughderg.live/shop Telephone 0(0353) 71 9861518 Delivery nationwide and Click & Collect Service available.
” TEXT ALERTS “.
Iarrtar ar dhaoine le suim acu text alerts a athnuachan don athbhliain ( ’22/ ’23 ) €10 (le d’ainm agus uimhir teangmhála) a sheoladh isteach chuig an Ionad Lae, Baile Bhúirne roimh 8ú Eanair 2022.
Text Alert system. People who are interested in renewing their TEXT ALERT (’22/’23) pls send €10 (with your name and contact no to the Ionad Lae, Baile Bhúirne before 8/1/2022