Nuacht Litir 6/3/22022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(6/3/2022)

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne


An Domhnach 11:30 r.n.
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9:30
Deardaoin 9:30
Dé Aoine 9:30 (Céad Aoine)
Dé Sathairn @6:30
Cuil Aodha
An Domhnach  @10:0o
Dé Máirt 10:30
Dé hAoine 10:30 (Céad Aoine)

Adhradh an Naomh Shacraimint

An seachtain seo is Dé Ceadaoin a bheidh Adhradh na Naomh Sacraiminte i mBaile Mhuirne taréis aifrinn go 5:00in
Adoration of the Blessed Sacrament this week will be on Wednesday after Mass in Baile Mhuirne until 5:00pm


Guímís ar son ár mairbh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Nora Ni Shíocháin Cill Áirne agus Ínse Mhór
Michael Matt Ó Tuama, Na Cilíní, Baile Mhic Íre agus Cum Ui Clumháin
Ellen Kelleher, Seana Chluain
Eugene Buckley, Carraig an Adhmaid
Dónal Kelleher, Na Cillíní
Paddy Creedon, Gort Uí Rathaille
Betty Ó Suilleahbáin
Peter Ó Cróinín, Screathan


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar Deotranaimí         26: 4-10
Deoraí Aramaeigh a ba ea m’athair.

Labhair Maois leis an bpobal á rá:
Tógadh an sagart ansin an cliabh ó do láimh agus leagadh sé é os comhair altóir an Tiarna do Dhia. Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas:

Deoraí Aramaeigh a ba ea m’athair. D’imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de. Chráigh na hÉigiptigh sinn; chiapadar sinn agus chuireadar faoi dhaoirse dhian sinn. Ach ghlaomar chun an Tiarna, Dia ár n-aithreacha, agus chuala an Tiarna ár nglao agus chonaic ár n-ainnise, ár saothar, agus an leatrom orainn; agus thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn lena láimh thréan agus lena ghéag ar tinneall, le huafás mór, le comharthaí, agus le hiontais. Thug sé anseo isteach sinn, agus thug an tír seo dúinn, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Seo anois mé le céadtorthaí fómhar na hithreach a bhronn tusa, a Thiarna, orm.’

Leag i láthair an Tiarna ansin iad agus sléacht go talamh i láthair an Tiarna do Dhia.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Salm le Freagra            Sm 90
Freagra                           Bí liom, a Thiarna, in am na trioblóide.

I. Túsa a chónaíonn faoi dhídean an Té is Airde,
a lonnaíonn faoi scáth an Uilechumhachtaigh,
tig leat a rá leis an Tiarna: ‘Is tú mo thearmann
is mo dhún; mo Dhia thú, ina bhfuil mo mhuinín.’ Freagra

2. Ní thiocfaidh an t-olc in aice leat
ná an phlá i ngar do do phuball;
cuirfidh sé thú faoi churam a chuid Aingeal
chun tú a chosaint i do shlite go léir.                          Freagra

3. Déanfaidh siad thú a iompar ina lámha
chun nach mbuailfeá do chos i gcoinne cloiche.
Siúlfaidh tú ar an leon is ar an nathair;
gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragún.         Freagra

4. Saorfaidh mé é mar go gcloíonn sé liom,
cosnóidh mé é mar go n-aithníonn sé m’ainm;
éistfidh mé leis nuair a ghlaonn sé orm,
beidh mé ina fhochair in am na trioblóide.              Freagra

DARA LÉACHT           

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh       10:8-13
Gach aon duine a chreideann Íosa ní bheidh díomá air.

A bhráithe, deir an Scrioptúr: “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt).  Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn. Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.” Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air, “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Véarsa                            Mth4: 4
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine,
ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.

SOISCÉAL                   

Go raibh an Tiarna libh.         Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás      4: 1-13         Glóir duit, a Thiarna.
Íosa, seoladh faoi luím an Spioraid san fhásach é go ceann daichead lá, á phromhadh

San am sin tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luím an Spioraid san fhásach é go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air.Dúirt an diabhal leis:
“Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.”
Agus d’fhreagair Íosa é:
“Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’”

Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire; agus dúirt an diabhal leis:
“Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é. Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.”
Dúirt Íosa leis á fhreagairt:
“Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”

Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis:
Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos; óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’; agus: ‘Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’”
Dúirt Íosa leis á fhreagairt:
“Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”

Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d’fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.

Soiscéal an Tiarna.           Moladh duit, a Chriost


Fógraí  

Tá na fógraí do Márta ansa  “Fógraí”

The news for March is here

Coinnle.

Tá costas na gcoinnle sa dá séipéal ag árdú ó 20cent go 30 cent an ceann ó Dé Luain an 27/2/22

The price of candles, in both churches, is increasing from 20 cent to 30 cent from Monday27/2/222

Féach Fógraí Ghinearálta  Mí Eanair/ Feabhra ansa

Leave a Comment