Nuacht Litir 13/3/22022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(13/3/2022)

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne


An Domhnach 11:30 r.n.
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9:30
Deardaoin 9:30
Dé Aoine 9:30 (Céad Aoine)
Dé Sathairn @6:30
Cuil Aodha
An Domhnach  @10:0o
Dé Máirt 10:30
Dé hAoine 10:30 (Céad Aoine)

Adhradh an Naomh Shacraimint

An seachtain seo is Dé Ceadaoin a bheidh Adhradh na Naomh Sacraiminte i mBaile Mhuirne taréis aifrinn go 5:00in
Adoration of the Blessed Sacrament this week will be on Wednesday after Mass in Baile Mhuirne until 5:00pm


Guímís ar son ár mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

Donal Ring. Corcaigh agus Béal Átha an Ghaorthaigh
Séámus Mac Mathuna, Co an Chláir agus Baile Atha Cliath

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Seán Ó Muirithe Cnoc Buí agus Baile Mhuirne
Diarmuid Ó Buachalla, Barr d’Ínse
Dooncha Ó Duinnín (Denny Larr), Na Milliní
Joe King (Londain agus Cúil Aodha)
Sheila Cronin, Carraig an Ime
Paddy Buckley. Cúil a’ Mhothair
Josephine Twomey. Ceatharlach
Sheila Murphy, Árdán Ghobnatan
Margaret Lynch, Na hUlláin
Michael O’ Sullivan, Daingean na Sailleach
Dan Cronin, Carraig an Adhmaid
Sean Kelleher, Daingean na Sailleach
Mary Ó Riordain. An Carraig Dubh (Ní Thuama (Matt) Cúm Uí Clumháin
Josephine Twomey, Ceatharlach.


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Genesis       15:5-12. 17-18
Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá

Thug an Tiarna Abrám leis amach é agus dúirt:
“Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir leat iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol’.
Agus chreid seisean an Tiarna agus mheas an Tiarna é sin mar fhíréantacht aige.

Mise an Tiarna,” ar sé leis, “a thug tú amach as Úr na gCaildéach, chun go dtabharfainn an tír seo duit mar oidhreacht.”
“A Thiarna Dia liom,” ar sé, “cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?
“Tabhair dom,” ar sé, “bearach trí bliana, minseach trí bliana, reithe trí bliana, colúr, agus colm óg.

Thug sé iadsan go léir chuige; ghearr sé ina dhá leath gach ceann acu agus chuir sé leath ar thaobh agus leath ar an taobh eile os a chomhair sall, ach nár ghearr sé na héin. Nuair a bhíodh éanlaith chreiche ag teacht anuas ar na conablaigh, chuireadh Abrám an ruaig orthu. Le luí na gréine thit tromchodladh ar Abrám agus bhuail scéin é. Tar éis don ghrian dul faoi dá bhrí sin agus gur thit an dorchadas, chonacthas foirnéis dheataigh tine agus lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte úd. Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá.
“Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm le Freagra.           Sm 26
Freagra                            Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.

1. Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.
cé a chuirfidh eagla orm?
Is é an Tiarna dúnáras mo bheatha;
cé a chuirfidh ar crith mé?                                Freagra

2. A Thiarna, éist le mo ghuth nuair a screadaim ort;
déan trócaire orm is freagair mé.
Deir mo chroí fútsa:
‘Cuardaigh a ghnúis.’                                           Freagra

3. A Thiarna, táim ag cuardach do ghnúise;
ná folaigh orm do ghnúis.
Ná cuir do sheirbhíseach uait go feargach;
is tú mo chunamh: ná cuir an ruaig orm.        Freagra

4. Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna
i dtír na mbeo.
Fan leis an Tiarna; bí cróga;
bíodh do chroí go tréan is fan leis an Tiarna. Freagra

DARA LÉACT
Sliocht as Liter cuig na Filipigh       3:17-4:1
Déanfaidh Críost an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chor glórmhar féin

A bhráithre, déanaigí aithris ormsa le chéile. Bígí ag faire ar na daoine a dhéanann d e réir an tsampla a thugaimid daoibh. Is minic ráite agam cheana libh – agus deirim lib anois é go deorach – go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost  Is é mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcui mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu  Ar neamh atá ár mbaile dúchai againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íos Críost  Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chor glórmhar féin – as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoin smacht.

Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m’aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Véarsa                           Mth 17:5
Cloiseadh glór an Athar as an scamall solasmhar:
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis.’

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.         Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh         Lúcás 9:28-36          Glóir duit, a Thiarna.
Agus sa ghuí do Íosa, tháinig athrach cló ar a ghnúis.

  San am sin rug Íosa Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí. Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d’éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach. Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis –  b’iad Maois agus Éilias iad –     agus chonacthas i nglóir iad ag caint faoina imeacht as an saol, rud a bhí le tabhairt chun críche aige in Iarúsailéim. Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach d’fhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir  agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis.

Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa:
“A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bhoth, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias” – agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá.  Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d’imigh siad siúd isteach sa scamall.  Agus tháinig glór as an scamall ag rá:
“Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí  leis!”

Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach d’fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d’aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu.


Fógraí  

Tá na fógraí do Márta ansa  “Fógraí”

The news for March is here

Coinnle.

Tá costas na gcoinnle sa dá séipéal ag árdú ó 20cent go 30 cent an ceann ó Dé Luain an 27/2/22

The price of candles, in both churches, is increasing from 20 cent to 30 cent from Monday27/2/222

Féach Fógraí Ghinearálta  Mí Eanair/ Feabhra ansa

Leave a Comment