Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(20/3/2022)
An Tríú Domhnach den Carghaíos
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30 r.n.
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9:30
Deardaoin 9:30
Dé Aoine 9:30 (Céad Aoine)
Dé Sathairn @6:30
Cuil Aodha
An Domhnach @10:0o
Dé Máirt 10:30
Dé hAoine 10:30 (Céad Aoine)
Adhradh an Naomh Shacraimint
An seachtain seo is Dé Ceadaoin a bheidh Adhradh na Naomh Sacraiminte i mBaile Mhuirne taréis aifrinn go 5:00in
Adoration of the Blessed Sacrament this week will be on Wednesday after Mass in Baile Mhuirne until 5:00pm
Guímís ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Mary Ui Mhathúna (Ni Thuama) Doire na Sagart agus Baile Mhic Íre Thoir
Síle Ni Chéilleachair. Doire na Sagart, Baile Mhuirne
An tSiúr Máire Ni Chiosáin, An Cóbh agus Mala
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Máire Bn Uí Ríordáin (Ní Thuama) Cúm Uí Clubháin agus Corcaigh
Diarmuid Ó Duinnín Doire an Chuilinn
Síle Mac Suibhne Doire na Sagart
Eibhlín, Síle agus Tadhg Ó Ríordain Cuil Aodha
Sean agus Mairead Ni Cheilleachair, Doirin Alainn
Siobhán Bn Uí Cheallaigh Doire an Chuilinn
Con, Mary agus Fionbarra Ó Ceallaigh, Na Fuithirí
James agus Hannah Uí Chuana, Gort an Éadain, Cill na Martra
Mary O Riordan, Cúil a Chraosaigh, Cluain Droichead,
Willie Healy, Baile Mhic Íre
Dan & Minnie Cronin, Ráth Úna
Jermiah Lynch, Na Cillíní
Denis & Margaret Lynch, Na hUlláin
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Exodus 3:1-8.13-15
An té atá ann is é a sheol chugaibh mé.
Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé. Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d’fhéach sé agus b’shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó.
“Caithfidh mé dul i leataobh,” arsa Maois, “agus an radharc iontach seo a fheiceáil – cen fáth a bhfuil an tor gan do.”
Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor:
“A Mhaois, a Mhaois!”
“Anseo dom,” ar sé.
“Ná tar níos gaire,” arsa [an Tiarna], “bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.” “Is mise,” ar sé ansin, “Dia d’athar, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib.” Agus chlúdaigh Maois a aghaidh mar nár leomhaigh sé féachaint ar Dhia.
Ansin dúirt an Tiarna:
“Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta. Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
Ansin dúirt Maois le Dia:
“Má théim go clann Iosrael agus a rá leo: ‘Dia bhur n-aithreacha a chuir mise chugaibh,’ agus go bhfiafraíonn siad díom: ‘Cén t-ainm atá air?’ céard a déarfaidh mé leo?”
Dúirt Dia le Maois:
“Is mé an te atá ann,” agus lean sé air: “agus abair é seo le clann Iosrael:
‘An té atá ann is é a sheol chugaibh mé.’”
Agus dúirt Dia arís le Maois:
“Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m’ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m’ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 102
Freagra Is grámhar trócaireach é an Tiarna.
I. Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
beannaíodh a bhfuil istigh ion am a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
agus ná déan dearmad dá thíolaicí go léir. Freagra
2. Eisean a mhaitheann do chionta go léir,
a shlánaíonn d’easláintí go léir,
a fhuasclaíonn do bheatha ón mbás,
a chorónaíonn thú le grá is le trua. Freagra
3. Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm,
túgann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.
Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois
agus a ghníomhartha do chlann Isráél. Freagra
4. Is grámhar trócaireach é an Tiarna.
foighneach agus lán de cheansacht.
Ní airde neamh os cionn talún
na méid a bhuanghrá do lucht a eaglaithe. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 10:1-6.10-12
Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne.
Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill agus go ndeachaigh siad uile tríd an muir, agus gur baisteadh iad uile sa scamall agus sa mhuir i gcomhar le Maois. Chaith siad uile an bia spioradálta céanna agus d’ól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí á leanúint – agus ba é Críost an charraig sin. Mar sin féin ní raibh Dia buíoch dá bhformhór agus dá chomhartha sin fágadh sínte iad faoin bhfásach. Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, á fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd. Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an scriosadóir iad.
Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n-aoiseanna. Dá réir sin an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Véarsa Mth 4: 17
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
‘Deanaigi aithri,’ a deir an Tiarna,
‘mar ta riocht na bhflaitheas in achmaireacht.’
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 13:1-9
Mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.
San am sin féin tháinig daoine I láthair á insint D’Íosa faoi na Gailíligh, go raib Piolát
éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile. Dúirt sé leo á bhfreagairt:
“An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna. Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d’áitritheoirí Iarúsailéim? Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.”
Dúirt sé an parabal seo:
“Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair. Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’ Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: ‘A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis, agus b’fhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.’”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost