Nuacht Litir 7/8/2022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(7/8/2022)

An Naoú Domhnach Déag Saor

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30

Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30

I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.

Re Aifreanntaí speisialta

Beidh aifrerann ar Raidió na Gaeltachta ar an 7ú Lúnasa ar a 11 a clog i gCúil Aodha.
Mass at 11 am in Cuil Aodha on R na G on August 7th
Beidh Aifreann Bhaile Mhuirne ar 12:00 Dé Domhnaigh seo chughainn 7/8/2022
Mass in Baile Mhuirne on this Sunday @12:00

Beidh aifreann ag Scrín Ghobnatan ar an 7ú Lúnasa ar 3:00 i.n.
Annual Shrine Mass at St. Gobnaits at 3:00pm on August 7th

Nóta tabhachtach

Ní bheidh aon aifreann maidine 10.30am i gCúil Aodha ar an Mháirt go dtí go bhfógrógar a mhalairt.

Please note that until further notice there will be no 10.30 am Mass on Tuesdays in Cuil Aodha

Paidreach ar son ár mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

Donachadha (Din Matty) Ó Tuama. Na Milíní, Cúil Aodha
Peggy Uí Chróinín (Ní Dhuinnín) Londain & Cúil Aodha

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Seán agus Ruth Ó Riada
Baill Cor Cúil Aodha, Ceoltóiri Chualann, Cléir agus Foireann Séipéal Chúil Aodha
Johnny Ó Tuama ( Johnny Mike Hugh ) Doire Leathan agus Londain
Micheál Máirtín Ó Lionáird agus a dheirfiúr Bríd Bn Uí Ríordain. Gort na Scairte
Annie Diarmáin Uí Dhuuinnín Cuil Aodha
John, Joan agus Denis Twomey. Eochail
Mike Ó Duinín Doire an Chuillinn
Jim Mac Bride, An Mhainistir Liath, An Dún
Timmie Ó Riordáin, Cnoc an Iúir
Kitty O Connor Doire na Sagart
Seán Ó hEigeartaigh, Na Cillíní, Baile Mhuirne
Eighneachán Ó Flanagáin. An Muileann
Connie Ó Loinsigh. Doire na Sagart
Mary Baxter Baile Atha Cliath
Sean Mac Suibhne Gailleamh
John Creedon Killowen Neidín/Lománach Cill Garbháin


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar na  hEagna       18:6-9
Faoi mar a smachtaigh tú ár naimhde, sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinn agus a thug gradam dúinn dá bharr.

Tugadh fáistine dár sinsir i dtaobh na hoíche sin, ionas go nglacfaidís misneach nuair
a bheadh a fhios acu go cinnte cén sórt iad na mionnaí ar chuir siad a muinín astu.

Bhí do phobal ag súil le slánú na bhfíréan agus le léirscrios na naimhde.
Óir, faoi mar a smachtaigh tú ar naimhde, sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinn
agus a thug gradam dúinn dá bharr.

Óir bhí íobairt á hofráil faoi cheilt ag clann chráifeach na bhfíréan,
agus de thoil a chéile rinne siad an comhaontú diaga seo,
go mbeadh siad rannpháirteach sna maitheasaí céanna
agus sna contúirtí céanna chomh maith,
agus iomainn mholta na sinsear á gcanadh acu mar réamhcheol cheana féin.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                     Sm 32
Freagra                                     Is méanar don phobal a roghnaigh an Tiarna dó féin.

I. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana;
is cóir go molfadh daoine dílse é.
Is méanar dá mbíonn an Tiarna ina Dhia acu,
an pobal a roghnaigh sé dó féin.                                 Freagra

2. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás
is go gcothódh sé iad in am an ghorta.                       Freagra

3. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.                         Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir chuig na Eabhraig        11:1-2. 8-12.
Bhí Abráhám ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.

A bhráithre, is é rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid. Is mar gheall ar a gcreideamh a tugadh dea-theist ar ár sinsir.

Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d’imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall. Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna. Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.

Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d’ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh. Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige.

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                 Mt 11:25
Alleluia, Alleluia! 
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Alleluia!

SOISCÉAL

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás       12:35-40 
Bígí sibhse ullamh freisin.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Ná biodh eagla oraibh,a thréad beag, óir ba ghnaoi le bhurn Athair an riocht a taabhairtdaoibh. Díolaigi bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithgear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann anbithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot. Óir, san áita mbíonn bhur stór, in anna bheidh bhur gcroí freisin.

Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh, agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n-osclóidh siad láithreach dó. Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu. Agus cibé acu sa dara nó sa tríú faire a thagann sé, agus nithe a fháil amhlaidh, is dóibh siúd is méanar. Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb’eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach. Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.”

Dúirt Peadar ansin:
A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le each eile chomh maith?

Duirt an Tiarna:
Cé hé, más ea, an maor úd atá iontaofa gearchúiseach go gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tis e chun. a geion den arbhar a thabhairt dóibh i dtrath? Is meanar don seirbhiseach sin a bhfaighidh a mháistir e ag deanamh amhlaidh ar theacht dó. Deirim Ubh go dearfa, ceapfaidh se os cionn a mhaoine go leir e. Ach ma deir an seirbhiseach sin ina chroí: “Is é an teacht mall ag mo mháistir é agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachailli aimsire agus na gcaihm, agus ag ithe agus ag, agus ag meisceoireacht, tioefaidh maistir an tseirbhisigh sin sa la nach mbionn suil aige leis agus ar an uair nach eol do, agus coscroidh se e, agus bhéarfaidh cion na mithainseach dó. An seirbhiseach sin arbh eol do toil a mhaistir agus nach ndearna ullmhu na heart de reir a thola, gabhfar de mhoran builli air; ach ante narbh eol do i agus a rinne nithe’ba dhiol builli, gabhfar de bheagan builli air. An té ar tugadh mórán do, beifear ag lorg  mórán uaidh, agus an té ar taobhaiodh moran leis, iarrfar nios mó air.’


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


 

Leave a Comment