Nuacht Litir 8/1/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(8/1/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Beidh an tAthair Franc Ó Brádaigh linn an fhaid is atá an tAthair Seán san Astráil i rith Mí Eanair

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhúirne
Sathairn —6.30in
Domhnach – 11.30rn
Aifreanntí i rith na seachtaine
Dé Luain —11:00, Dé Máirt 9:30 rn; Dé Sathairn 11:00 rn
Nollaig na mBan
Déardaoin –6.30 rn
Dé hAoine—11.30
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00 rn
Dé hAoine—10:00 rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn


ÁR MAIRBH

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Jack Ó Buachalla, Barr d’Ínse
Diarmuid Ó Cathasaigh, Ráthúnach,
Seamus de Róiste, Gort na Tiobraide
Bridgie Bn Uí Dhuinnín Cúil Aodha
Peter Cronin, Béal Átha’n Ghaorthaidh
Sheila Crowley An Muileann
Bridget Lynch, Na hUlláin
John Lehane, Na Cillíní
John Twomey, Baile Mhic Íre Uachtarach
Diarmuid Ó Connail, Baile Mhic Íre
Dónal Shine, Na Cilíní BAile Mhic Íre
Eibhlín J. Uí Chuill, Barr d’Ínse
Jerry J. Ó Cuill, Barr d’Ínse/Melbourne.
Peter Dineen Cúm na Cloiche.
Micheal agus Síle Murphy, Baile Mhuirne
Micheál agus Magaret Uí Mhuimhneacháin Cúil Aodha

Fógraí ar bun/Announcements ar at the bottom.


 FÉiLE BHAISTE ÁR dTIARNA
AN CÉAD DOMHNACH TARÉIS EANÁIR 6,

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an  Leabhar Íseáia, Fáidh.        42:1-4.6-7
Seo é mo shearbhónta a bhfuil páirt mo chléibhe leis.

Seo mar a deir an Tiarna:
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó,
mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis.
Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.

RedeemerGlaoch ná gáir ní chuireann sé as,
ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.
Ní bhriseann sé an sifín brúite,
ná ní mhúchann an lasair chreathanach.

Soláthraíonn sé an ceart go dílis,
ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos é
nó go mbeidh an ceart bunaithe ar talamh,
óir tá críocha na farraige ag dréim lena reacht.

Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht,
rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú,
agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha,
chun súile na ndall a oscailt,
chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair
agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm  28
Freagra                          Beannóidh an Tiarna a phobal Ie síocháin

I. Tugaigí don Tiarna, a chlann Dé,
tugaigí don Tiarna clú agus cumhacht.
Tugaigí don Tiarna glóir a ainm.
Adhraigí an Tiarna ina phálás naofa.         Freagra

2.Tá glór an Tiarna ar an uisce, I
tá an Tiarna ar na huiscí móra.
Tá glór an Tiarna go lánchumhachtach,
tá glór an Tiarna go lánmhaorga.                Freagra

3. Tá Tiarna na glóire ag toirneach.
Cluintear ‘glóir!’ ó gach aon neach ina theampall.
Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann;
tá an Tiarna ina rí go brách.                        Freagra

DARA LÉACHT    

Sliocht as  Gníomhartha na nAspal         10:34-38
Rinne Dia é a ungadh leis an Spiorad Naomh.

Thosaigh Peadar ag labhairt le Coirnéilias agus lena theaghlach:
Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.

Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d’fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost – an té atá ina Thiarna ar chách uile. Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Alleluia                          Mc 9: 8
Alleluia, Alleluia!
Osclaíodh na flaithís agus cloiseadh glór an athar, á rá: ‘Is é seo mo Mhac muirneach: éstigí leis.
Alleluia!

 

SOISCÉAL 

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha          3:13-17
Tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”Bapism of Jesus

Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh. Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop.
Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?
Dúirt Íosa leis á fhreagairt:
Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin. An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Leave a Comment