Nuacht Litir 22/1/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Tríú Domhnach Saor (A)

(22/1/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Beidh an tAthair Franc Ó Brádaigh linn an fhaid is atá an tAthair Seán san Astráil i rith Mí Eanair

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhúirne
Sathairn —6.30in
Domhnach – 11.30rn
Aifreanntí i rith na seachtaine
Dé Luain —11:00, Dé Máirt 9:30 rn; Dé Sathairn 11:00 rn
Nollaig na mBan
Déardaoin –6.30 rn
Dé hAoine—11.30
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00 rn
Dé hAoine—10:00 rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn


ÁR MAIRBH

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Máire Bn Uí Shuibhne (Ní Chruadhlaoi), Maigh Réidh agus Cúl a’Bhuachaigh
Séamus Ó Caochluí, Ínse Geimhleach
Eibhlín J & Jerry J Ó Cùill, Barr d’Ínse
Timmy Healy. Cnoic an Iúir
Dónal Ó Ríordáin. Doirín Aluinn.
Mag agus Bob Ó Muimhneacháin, Cúil Aodha
Tessie Lucey, Ma Reidh, Baile Mhic Íre
Jerh Ó Tuama, Doire Fingín, Réidh na nDoirí
Dan Lynch, Tóchar, Cuil Aodha
Máire Uí Dhuinnín, Na Ceapacha
Micheal agus Sile Bn Uí Mhurchú, Bóthar Abán Baile Mhuirne
Síle Uí Mhuirithe Cuil Aodha, Nua Eabhrach agus Baile Mhuirne
Con Lynch, Corcaigh & Cluain Droichead
Richard D Long.   Boston (Muintir Loinsigh Cúil Aodha)


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Íseáia, fáidh         8:23-9:3
I nGailíl na gciníocha chonaic an pobal solas mór.

San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san amatá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl nagciníocha.

DamascusAn pobal a bhí ag siúl sa dorchadas, chonaic siad solas mór;
agus ar mhuintir na tíre gruama tá solas ag lonrú.
Chuir tú go mór lena n-áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir;
tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,
mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,
amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.

Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí,
agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá Midian

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm  26
Freagra                          Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.

1. Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.:
cé a chuirfidh eagla orm?
Is é an Tiarna dúnáras me bheatha:
cé a chuirfidh ar crith me?                                  Freagra

2. Aon ní amhain a iarraim ar an Tiarna, eilím é seo:
bheith i mo chónaí i dteach an Tiarna fad a bheidh mé beo,
chun go mblaisfinn aoibhneas an Tiarna
agus go bhfeicfinn a theampall.                         Freagra

3. Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna,
i dtír na mbeo.
Fan leis an Tiarna; bí cróga;
bíodh do chroí go tréan is fan leis an Tiarna. Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh           1:10-13. 17

Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn. Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile. Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá:
leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apollós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.”
An amhlaidh atá Críost roinnte ina choda? An é Pól a céasadh ar an gcrois ar bhur son? An in ainm Phóil a baisteadh sibh?

Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín
eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa             Mth 4: 23
Alleluia, alleluia!
D’fógair Íosa Dea-Scéal na ríochta, agus leigheas sé gach galar
agus gach éagruas i measc an phobail.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.              Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha     4:12-23       Glóir duit, a Thiarna.
Chuir sé faoi i gCafarnáum chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh.

Nuair a chuala Íosa go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. D’fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:

“Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím,
bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin,
Gailíl na gciníocha,
an pobal a bhí ina suí sa dorchadas,
chonaic siad solas mór,
an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis,
d’éirigh solas chucu.”

call by JesusÓn am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá:
“Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”

Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. Labhair sé leo:
Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”
D’fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.

Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n-athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.
D’fhág siad an bád agus a n-athair láithreach agus lean siad é.

Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt
dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.

*******************************************

Malairt SOISCÉAL  gearr

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha          4:12-17
Chuir sé faoi i gCafarnáum chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh.

Nuair a chuala Íosa go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. D’fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:

Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím,Waiting for God
bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin, Gailíl na gciníocha,
an pobal a bhí ina suí sa dorchadas, chonaic siad solas mór,
an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis, d’éirigh solas chucu.”

Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá:
“Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Airigead /ofráiltí aifrinn/Mass Offerings

A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán

Bailiúchán do bhláthanna na séipéal (Altar Flower Collection)

Is do chostaisí bláthanna altórach, don bhliain seo romhainn amach 2023, atá an dara bailiúchán in séipéil Chúil Aodha is Bhaile Mhuirne an deire seachtaine 22/23ú Eanair. Ós rud é nách raibh bailiúchán chuige seo ó 2019, iartar oraibh bheith flathúil leis an gciste seo. Tá an t-adh linn sa pharoiste seo, go dtugann an dá fhoireann deonach seo, a n-am is cumas cruthaíoch, go flathúil chun cur go spleodrach le áileacht ár séipéil. Is mian liom aitheantas do thabhairt don saothar iontach bliana a dheineann an bhuíon uile deonach seo.
The second collection at all Masses in Ballyvourney and Cuil Aodha on the weekend of 21st – 22nd January will go towards the cost of altar flowers for the coming year. As there has been no collection to cover these costs since 2019 you are asked to contribute generously to this fund. Our parish is very blessed that so many volunteers give their time so generously to enhance the beauty of both churches with their talents in flower arranging. I would like to acknowledge the wonderful work this group of volunteers do throughout the year. It is greatly appreciated.
Ath. Seán

Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin  ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023.  Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir.   Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
·      Téacs go uimhir guthán an Paróiste    085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00  i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.

Anniversary list in remembrance of  Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
·      Parish Mobile By Text:  085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.

Cártaí Aifrinn/Mass Cards

Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.

Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.

Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.

Baiste

Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.

Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.

Fógra ón Ath Seán

Beidh mé ag tógaint roinnt am saor i mí Eanáir. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghábháil leis an that Frank Ó Brádaigh a bheidh ag cabhrú i mo as láithreachas. Beidh na Aifrinntí ag an deireadh seachtaine mar is gnáth le linn an tréimhse seo. Afách, beidh roinnt athraithe le Aifreann laethúil. Tuilleadh eolas le teacht.

Aon ceisteanna mar gheall ar Aifrinntí a cur in áirithe do mí Eanáir cur glaoch ar Oifig an Paróiste.Beidh an oifig ar oscailt Dé Luain & Dé Máirt 10—1 in gach seachtain ach beidh sé dúnta ar an 26ú & 27ú Nollag agus an 2ú Eanáir.

I will be taking some annual leave in January. I thank Fr. Frank Ó Brádaigh who will fill in for me in my ab- sence. Normal weekend Mass schedule apples. There will be some changes to the weekday schedule in my absence. More details to follow.

Please contact the Parish Office for all queries for Mass bookings in January. The Parish Office will be open on Monday and Tuesday each week from 10-1 pm but will be closed on Dec 26th & 27th and the 2nd of January.

 

Leave a Comment