Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Ceathrú Domhnach Saor (A)
(29/1/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Beidh an tAthair Franc Ó Brádaigh linn an fhaid is atá an tAthair Seán san Astráil i rith Mí Eanair
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Baile Mhúirne
Sathairn —6.30in
Domhnach – 11.30rn
Aifreanntí i rith na seachtaine
Dé Luain —11:00, Dé Máirt 9:30 rn; Dé Sathairn 11:00 rn
Nollaig na mBan
Déardaoin –6.30 rn
Dé hAoine—11.30
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00 rn
Dé hAoine—10:00 rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn
ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Paddy Ó Fionnagáin, Ardán Ghobnatan
Jerome Ó Céilleachair Gort na Tiobratan
Mary Bn Uí Chríodáin (Ní Thuama) Cnoc Sathairn, Cill na Martra
Kathy agus John Ó Tuama, Na h-Ulláin Thiar
Treasa Ní Mhuimhneacháin Gort na Scairte
Máire Ní Loinsigh Cúil Aodha
Nóra Bn Uí Luasa an Murnach Beag
Jamsie Cooney, Cill Na Martra
Timmie & Nell Cooney Cill Na Martra
Máire agus Colm Uí Standúin. Co na Gaiillimhe
Peter Hyde, Cill na Martra & An Carraig Dubh
Fiachra Ó Callanáin Bailenóra agus Baile an Locha
Nora Twomey , Gort LeathÁrd Cill Garbháin
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Sófania, fáidh. 2:3. 3:12-13
Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár.
Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tíre, a chomhlíonann a reacht.
Lorgaigí an fhíréantacht, lorgaigí an uirísle;
b’fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean ar lá dhíbheirg an Tiarna.
Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean
in ainm an Tiarna.
Ní dhéanfaidh siad aon éigeart, ní mó ná a inseoidh siad bréaga,
agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal.
Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth, agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”
Salm le Freagra Sm 145
Freagra Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
I. An té a sheasann lena bhriathar de shíor,
agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois,
is é a thugann bia don ocrach:
is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh. Freagra2. Osclaíonn sé súile na ndall,
tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch,
déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach. Freagra3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan,
ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 1:26-31
Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.
Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal. Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú. Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní, ionas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh I bhfianaise Dé. Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt. Dá réir sin, mar atá scríofa: “An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 15: 15
Alleluia, Alleluia!
Thug mé cairde oraibh, a deir an Tiarna,
óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha, 5:1-12 Glóir duit, a Thiarna.
Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad.
Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a
dheisceabail chuige. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:
“Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
“Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
“Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.
“Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.
“Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.
“Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.
“Is méanar dóibh seo a d’fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.
“Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Airigead /ofráiltí aifrinn/Mass Offerings
A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán
Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023. Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir. Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
· Téacs go uimhir guthán an Paróiste 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00 i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.
Anniversary list in remembrance of Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
· Parish Mobile By Text: 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.
Cártaí Aifrinn/Mass Cards
Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.
Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.
Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.
Baiste
Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.
Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.
Fógra ón Ath Seán
Beidh mé ag tógaint roinnt am saor i mí Eanáir. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghábháil leis an that Frank Ó Brádaigh a bheidh ag cabhrú i mo as láithreachas. Beidh na Aifrinntí ag an deireadh seachtaine mar is gnáth le linn an tréimhse seo. Afách, beidh roinnt athraithe le Aifreann laethúil. Tuilleadh eolas le teacht.
Aon ceisteanna mar gheall ar Aifrinntí a cur in áirithe do mí Eanáir cur glaoch ar Oifig an Paróiste.Beidh an oifig ar oscailt Dé Luain & Dé Máirt 10—1 in gach seachtain ach beidh sé dúnta ar an 26ú & 27ú Nollag agus an 2ú Eanáir.
I will be taking some annual leave in January. I thank Fr. Frank Ó Brádaigh who will fill in for me in my ab- sence. Normal weekend Mass schedule apples. There will be some changes to the weekday schedule in my absence. More details to follow.
Please contact the Parish Office for all queries for Mass bookings in January. The Parish Office will be open on Monday and Tuesday each week from 10-1 pm but will be closed on Dec 26th & 27th and the 2nd of January.