Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Cúigiú Domhnach Saor (A)
(5/2/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Baile Mhúirne
Sathairn —6.30in
Domhnach – 11.30rn
Aifreanntí i rith na seachtaine
Dé Luain —11:00, Dé Máirt 9:30 rn; Dé Sathairn 11:00 rn
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00 rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn
Dé hAoine 10ú—8.00in
Ní bheidh Oifig an Pharóiste ar oscailt an Luan seo chugainn an 6ú Feabhra.
The Parish Office will not be open on Monday 6th of February.
Lá Fhéile Ghobnatan
Dé Sathairn 11ú Feabhra 2023
Aifrinntí I mBaile Mhúirne
11.00rn, 4.00in, 6.30in
Paidreacha ag Scrín Ghobanatan
3.00i.n
Beidh dealbh Naomh Gobnait I lahair don lá.
Beidh ribíní, boinn agus paidrín le cheannach ar an lá.
St. Gobnait’s Day 11th February 2023
Mass times to celebrate and honour St Gobnait
11.00 am, 4.00pm, 6.30pm (Vigil Mass)
Prayers at St. Gobnait’s Shrine
3.00in
Statue of St. Gobnait will be present
There will be ribbons, medal and rosary beads availa- ble to purchase on the day.
__________________________
ÁR MAIRBH
Doibh sin a fuair bás le déanaí
Seán Ó Connaill Cnoc Sathairn
Diarmuid (Dermot) Keane. Cúm na Cloiche agus Dubhglas Corcaigh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Bríd Ní Lionáird Uí Ríordáin, Luimineach agus Gort na Scairte
Paddy Ó Cróinín, Radharc a’ tSéipéil, Baile Mhuirne.
Dónal Ó Luasa, Sliabh Riach
Tomás De Gordún, Barr d’Inse
Danny Ó Ríordáin. Ráthúna.
Ciara Bn Uí Dhuinnín Corcaigh agus Cluan Droichead/Cúil Aodha
Kathy Healy Baile Mhic Íre
Gobnait Ní Scannail Ínse Mhór, Cuil Aodha
Seán agus Siobhán Uí Luasa, Na Milíní, Cúil aodha
Dónal Ó Loingsigh, Baile Mhúirne & Co na Mí
Mary Monaghan Coombs, Geenwich, Londain.
Máire Uí Ríordáin, Cill na Martra
Anthony Perry, Cois Locha
Conchúr Ó Liatháin, Cúil Aodha agus Maigh Chromtha
Patricia McInerney, Cappalaheen, Cill Chisín
Michael Dilworth, Vicarstown
Vera Creedon, Dún Dá Radharc
Jukia agus Peter agus Kitty Hyde, Gort an Éadain
Katie Murphy, Cloch Aidhneach, Cill na Martra
Seán agus Síle Ui Mhuirithe Árdán Ghobnatan
Joan & Peter Cronin Sliabh Riach
Julia & Tadhg Murphy, Pruchas, Cill na Martra
Paddy Cooney, Cill Mic Cranróg
Tadhg agus Brid Mac Suibhne. Cnoc Sathairn.
Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachanSeo mar a deir an Tiarna:Do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh,
éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht
agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.

Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan
agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí.Rachaidh d’fhíréantacht romhat amach
agus glóir an Tiarna i do dhiaidh.
Ansin, má ghlaonn tú, tabharfaidh an Tiarna freagra ort;
nuair a scairtfidh tú, déarfaidh sé: “Seo anseo mé.”
Má dhíbríonn tú an leatrom as do chúrsaí,
bagairt na méire agus an chaint urchóideach,
má thugann tú do chuid aráin don ocrach
agus a sháith don duine dearóil,
éireoidh do sholas sa dorchadas agus beidh do ghruaim ina loinnir mheán lae.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 111
Freagra Lonraíonn an dea-dhuine sa dorchacht do dhaoine cneasta.
1. Lonraíonn sé sa dorchacht do dhaoine cneasta:
is trócaireach é, is fial, is ionraic.
Bíonn an dea-dhuine carthanach airleacthach,
riarann sé a ghnó go ceart onórach. Freagra
2. Ní chorrófar an fíréan choíche:
mairfidh a chuimhne go brách na breithe.
Ní chuirfidh drochscéal eagla air;
is daingean a chroí, is e an Tiarna a dhóchas. Freagra
3. Is dílis daingean a chroí gan eagla;
feicfidh sé a naimhde agus iad á dtreascairt.
Dáileann sé a chuid go fial ar lueht an ghátair.
Maireann a fhéile go brách agus choíche. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Coirintigh 15: 3-8. 11
Fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh.
I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna. Shocraigh mé i m’aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh. Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán d’uamhan agus d’eagla. Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m’fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta, i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eóin 5: 13-16
Is sibhse solas an domhain
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
“Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.
Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt. Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.
Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart