Nuacht Litir 12/2/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Séú Domhnach Saor (A)

(12/2/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhúirne
Sathairn —6.30in
Domhnach – 11.30rn
Aifreanntí i rith na seachtaine
Dé Luain —11:00, Dé Máirt 9:30 rn; Dé Sathairn 11:00 rn
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00 rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra

An Domhnach – 11:30rn

Dé hAoine 10ú—8.00in

Ní bheidh Oifig an Pharóiste ar oscailt an Luan seo chugainn an 6ú Feabhra.
The Parish Office will not be open on Monday 6th of February.

Lá Fhéile Ghobnatan

Dé Sathairn 11ú Feabhra 2023

Aifrinntí I mBaile Mhúirne

11.00rn, 4.00in, 6.30in

Paidreacha ag Scrín Ghobanatan

3.00i.n

Beidh dealbh Naomh Gobnait I lahair don lá.

Beidh ribíní, boinn agus paidrín le cheannach ar an lá.

St. Gobnait’s Day 11th February 2023

Mass times to celebrate and honour St Gobnait

11.00 am, 4.00pm, 6.30pm (Vigil Mass)

Prayers at St. Gobnait’s Shrine

3.00in

Statue of St. Gobnait will be present

There will be ribbons, medal and rosary beads availa- ble to purchase on the day.


ÁR MAIRBH

Doibh sin a fuair bás le déanaí

Michael agus Hannah MacSuibhne Gort na Scairte
Batt agus Jimmy Ó Laoire, An Ráth
Tim Ó Suilleabháin Sliabh Riabhach
Siobhán Bn Uí Cheallaigh. Doire an Chuilinn
Fionnbarra Ó Ceallaigh Doire an Chuilinn
Mícheal O Ceallaigh Doire an Chuilinn
Sile Bean Uí Shíochain, Mágh Réidh
Annie (Diarmáin) Uí Dhuinnín Cúil Aodha
John Matt Ó Tuama, Cúm Uí Chlumháin
Neilus Ó Loingsigh, Doire na Sagart
Mary O’Sullivan, Machromtha & Cill na Martra
Kitty Hyde, Cill na Martra agus San Francisco
Stiana Ó hEigeartaigh, Na Cillíní
Ally Ó Loingsigh, Sliabh Riabhach
Con Ó Loingsigh Máigh Chromtha
Mick Lehane, Cúm a’ Ghadhair
Hannah & Free Lynch, Doire na Sagart
Eileen McDonough (Ní Luasa, Cnoc an Iúir)
Ann Griffin, Má Réidh
Mairín Uí Bhuachalla Cathair Cearna
Michael (Mikey) Twomey. Carraig an Adhmaid.
Jerh Lynch agus Máire Lynch Cluan Droichead
Seán Potts, ceoltóir.
Seán agus Siobhán Uí Luasa, Na Milíní, Cúil aodha
Charlie O’Neill, Montenotte, Corcaigh


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Shíorach         15:15-20
Níor ordaigh sé d’aon duine ríamh bheith aindiaga.

Jesus and choiceMás áil leat é, is féidir duit na haitheanta a choimeád,
agus ort féin atá sé ag brath a bheith dílis.
Tá tine agus uisce curtha aige os do chomhair;
sín amach do lámh chuig cibé acu is rogha leat.
Tá an bás agus an bheatha os comhair an duine,
agus tabharfar dó cibé acu is mian leis.
Óir is fairsing í eagna an Tiarna; Is mór í a chumhacht agus feiceann sé an uile ní.
Bíonn a shúile ar na daoine a bhfuil eagla orthu roimhe,
agus is eol dó gach beart dá ndéanann an duine.
Níor ordaigh sé d’aon duine riamh a bheith aindiaga,
ná níor thug sé cead d’aon duine riamh peaca a dhéanamh.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

 Salm le Freagra           Sm 118
Freagra                            Is aoibhinn dóibh siúd a chomhlíonann dlí an Tiarna.

I.  Is aoibhinn dóibh siúd a bhfuil a slí gan locht,
a chomhlíonann dlí an Tiarna.
Is aoibhinn dóibh siúd a dhéanann de réir a thola,
a iarrann é óna gcroí go hiomlán.                        Freagra

2. Thug tú do phroiceapta
chun go gcomhlíonfaí iad go beacht.
Á, dá mbeadh mo slite socraithe go daingean
chun do reachtanna uile a choimeád.                Freagra

3. Bí go maith le do ghiolla, go maire mé,
agus go gcoimeáda me do bhriathra.
Oscail mo shúile chun go bhfeice mé
íontais do dhlí.                                                       Freagra

4. Múin dom, a Thiarna, slí do reachtanna,
agus coimeádfaidh mé go beacht iad.
Déan mo theagasc chun do dhlí a chomhlíonadh
ionas go gcoimeádainn ó chroí é.                      Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh            2:6-10
Cheap Dia an eagna roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinn.

A bhráithre, labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as. Is í eagna rúnda Dé atá i gceist againne, an eagna a bhí folaithe ó dhaoine ach a bhí ceaptha ag Dia roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinne. Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois. Mar atá scríofa:

Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne,
is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.” Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid.
Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa            Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.Agus le do spiorad féin

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha       5:17-37            Glóir duit, a Thiarna.
Sin mar a dúradh leis na sinsir; ach is é seo a deirimse libh.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
“Ná bígí ag ceapadh gur chun an dlí agus na fáithe a chur ar ceal a tháinig mé. Ní á gcur ar ceal a tháinig mé ach á gcur i gcrích.
Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích. Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i ríocht na bhflaitheas.

Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i ríocht na bhflaitheas. Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.

“Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’
Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn. Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairt d’ofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort, fág d’ofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála. An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpriosún thú. Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an cianóigín deireanach díolta agat.

“Chuala sibh go ndúradh: ‘Ná déan adhaltranas.’
Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí. Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann. Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in ifreann.

“Dúradh fós: ‘Má scaoileann duine a bhean uaidh tugadh sé litir idirscartha di.’
Ach is é a deirimse libh, gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.

“Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomhlíonadh don Tiarna.’
Ach is é a deirimse libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar neamh, óir is é ríchathaoir Dé é; ná dar an talamh, óir is é stól a chos é; ná dar Iarúsailéim, óir is í cathair an Rí mhóir í; ná mionnaigh dar do cheann ach chomh beag, mar ní féidir duit aon ribe amháin de a dhéanamh geal ná dubh. Is é amháin is ráite daoibh: ‘Is ea, is ea.’ ‘Ní hea, ní hea.’ Focal thar an méid sin, is ón Olc é!

Soiscéal an Tiarna.             Moladh duit, a Chriost


Fógraí

Aifreann Bliantúil Deoise Cluain Umhna

Beidh an tAifreann Bliantúil do Lá Breoiteacht Domhanda 2023 & Lá Fhéile ár Mhuire Lourdes ar siúl Dé hAoine 10ú Feabhra i Séipléal Naomh Pádraig Mainistir Fhear Mhaí ag 7.30.

Annual Cloyne mass celebrating the World Day of the Sick & the Feast Day of Our Lady of Lourdes will take place Friday 10th February at 7.30pm in St. Patrick’s Church Fermoy.

Comhlairle Tréadach Paróiste/Parish Pastoral Council

A Chairde,

Tá sé I gceist agam Comhlairle Tréadach Paróiste a cur le chéile. Tá breis is triocha Comhlairle Tréadach I bhfeidhim sa deoise Cluain Umhna a thugann aire do na cúramaí lucht an paróiste, is cinnte gur cabhair maith é an comhlairle leis an Sagairt Paróiste chomh maith. ( Tá Comhlairle Tréadach Paróiste I bhfeidhim cheana féin I gCill na Martra.)

Tá an that. John Ryan ag tabhairt cur I láthair seisiún eolais ar an Comhlairle Tréadach Paróiste in Ostán Ghobnatan óna 11.00rn — 1.00in ar Dé Sathairn an 25ú Feabhra.

Má tá suim agat sa seisiún eolais den teangmháil le Oifig an Paróiste.

Dear parishioners

I am hoping to set up a Parish Pastoral Council in the near future. Over 30 parishes if the diocese of Cloyne have a council of lay people to attend to the needs of parishioners and have been proven to be a great help in collaboration with the Parish Priest. (The parishes of Cill na Marta already have Pastoral Councils in place.)

To that end Fr John Ryan CC Midleton is giving a presentation on the topic of the purpose of the Pasto- ral Council at the Abbey Hotel from 11am to 1 pm on Saturday the 25th of February.

Please inform the parish office if you would like to attend so that we can gauge numbers in attendance.

Oilithreacht Bliantúil an Deoise Cluain Umhna go Cnoc Mhuire/ Annual Cloyne Diocease Pilgrimage to Knock
Oilithreacht Bliantúil an Deoise Cluain Umhna go Cnoc

Mhuire ar Domhnach 14ú Bealtaine.
Bus ag fágaint Baile Mhúirne ag dul tríd Cluain Drochid agus Maigh Chromtha.
Tuilleadh eolas ó :
Noel Lynch 0862202452
Micheál Dinneen 0876434910

Annual Cloyne Pilgrimage to Knock on Sunday 14th of May 2023. Bus leaving Ballyvourney travelling via Clondrohid and Macroom. For more information con- tact—

Noel Lynch 0862202452 Micheál Dinneen 0876434910

Freastalaí Altóra/Altar Servers

Ba mhaith linn grúpa freastalaí Altóra eile a chur le chéile. Má tá suim ag do pháiste bheith páirteach chur a ainm isteach tríd ríomhphoist nó ainm atha- bhairt chuig an eadraoimh tar éís Aifreann.

We would like to put together another group of altar servers. If your child would like to be an altar server please give their name to the sacristan after mass at the weekend or email their name to the parish email.

Airigead /ofráiltí aifrinn/Mass Offerings

A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán

Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin  ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023.  Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir.   Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
·      Téacs go uimhir guthán an Paróiste    085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00  i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.

Anniversary list in remembrance of  Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
·      Parish Mobile By Text:  085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.

Cártaí Aifrinn/Mass Cards

Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.

Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.

Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.

Baiste

Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.

Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.

Leave a Comment