An Ceathrú Domhnach den Cháisc
(25/4/2021)
Ár Mairbh.
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Nóra McSweeney, Gort na Scairte
Betty O Reilly – Ní Shúilleabháin, Cúil-Aodha
Denis Lynch, Doirin Álainn
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Máire Uí Uidhir, Claon Ráth
Gobnait Kissane, Sliabh Riach
Katie Lynch, Na Cillíní
Ned Spillane, Carraig Tuathail
Michael agus Nóra Lucey, Cúm a’ Ghadhair
Michael agus Anne O’Brien, Curra Liath
Paddy Kelleher, Na Ceapacha
John agus Ellen Uí Liatháin, Na Cillíní
Dan agus Nóra McCarthy Cuil a Bhuachaigh
Archdeacon Criostoir Ó Tuathaigh, An Muileann
Mary Egan, Churchtown, Malla.
Mary Ellen Twomey, Na Ceapacha,
Patrick Mac Sweeney (Paddy from Galway)
Thomas Corcoran Baile Athe Cliath
Micheal Bob Moynihan. Cúil Aodha agus Corcaigh
Ar son daoine atá breoite
Concubhar Ó Loinsigh, Tóchar, Cúil Aodha.
Mary Herlihy, An Bhlárnain
Concubhar O Scanaill An Muillin
Domhnailín John Ó Suilleabháin Na Milíní agus MagCromtha
Michael Kelly Wilmington Delaware.USA
Sinead Lyons ata ar iarraidh sa USA
OFRÁILTI NA CÁSCA / EASTER OFFERINGS
Cuirigí na hofráiltí isteach go dtí bhúr séipéil féinig, le bhúr dtoil.
Please make your offerings to your own parish, at your convenience.
Déardoin 29ú Aibreán / Thursday 29th April
Féile Naomh Catherine Siena – Dochtúir na hEaglaise agus Pátrún na hEorpa
Feast of St Catherine of Siena – Doctor of the Church and Patron Saint of Europe.
Paidreacha
Paidir
A Mhaighdean Mhuire, mo sheacht ngrá thú
is tú bean mo chumainn, is tú bean mo shláinte
is tú bean mo threoíochta in am an ghátair
ar uair mo bháis beir mé féin ‘sna Flaithis
Paidir ag fágáil duine atá breoite
Go dtuga Dia scéala maith daoibh
Go gcuire Dia i gceann na maitheasa í / é.
Ave Maria
A Mhuire Mháthair,
‘Sé seo mo ghuí
Go maire Íosa
Go deo im’ chroí
Curfá:
Ave Maria, mo ghrá Ave,
Is tusa mo mháthair,
‘s máthair Dé.
A Mhuire Mháthair,
I rith mo shaoil
Bí liom mar dhídean
ar gach aon bhaol.
A Mhuire Mháthair
‘tá lán de ghrást’
Go raibh tú taobh liom
Ar uair mo bháis.
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 6:26-31
D’inis Barnabas do na haspail mar a chonaic Sól an Tiarna ar an tslí.
Ar theacht dó go Iarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é. Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n-aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc. D’fhan Sól in éineacht leo in Iarúsailéim gan chosc gan cheangal air ach é ag labhairt go dána in ainm an Tiarna. Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siadsan iarracht ar é a mharú ach nuair a fuair na bráithre amach é, thóg siad Sól leo go Céasaráia agus chuir as sin go Tarsas é. Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.
Salm le Freagra Sm 21 Freagra
Is tú mo mholadh sa mhórthionól, a Thiarna.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthair
na droinge ar a mbíonn a eagla.
Íosfaidh na bochtáin agus beidh a sáith acu.
Molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.
Go maire a gcroíthe go brách na breithe. Freagra
2. Cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna,
agus adhrfaidh na ciníocha uile ina fhianaise.
Adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise.
Cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach. Freagra
3. Mairfidh m’anam ar a shon; déanfaidh mo chlann fónamh dó.
Tabharfaidh tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht.
Foilseoidh siad a dhílseacht do phobal nár saolaíodh fós:
‘Sin iad na nithe a rinne an Tiarna.’ Freagra
Sliocht as an chéad Litir Naomh Eoin 3:18-24
Seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic losa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile.
Achlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne. Is mar sin a aithneoimid gur de chlann na fírinne sinn, agus is mar sin a shuaimhneoimid ár gcoinsias ina láthairsean, má chiontaíonn ár gcroí sinn. Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní.A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia. Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d’ordaigh seisean dúinn. An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.
Alleluia Véarsa Eo 15: 4-5
Alleluia, Alleluia!
‘Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh,’ a deir an Tiarna.
‘An té a fhanann ionamsa, tugann sé toradh mór uaidh.’
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 15:1-8
An té a fhanann ionamsa, agu mise ann, tugann sé toradh mór uaidh
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Mise an fhíniúin fhíor,agus is é m’Athair an saothraí.Gach géag ionam nach dtugann toradh,bainfidh sé í;agus gach géag a thugann toradh,ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéagtoradh a thabhairt uaithi féin,mura bhfanann sí san fhíniúin,sin mar nach féidir daoibhse,mura bhfanann sibh ionamsa.
Mise an fhíniúin, sibhse na géaga;
an té a fhanann ionamsa, agus mise ann,tugann seisean toradh mór uaidh;óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.Cibé nach bhfanfaidh ionamsa,caithfear amach é mar ghéag,agus feofaidh sé;agus tógfar agus caithfear sa tine iad,agus dófar iad.Má fhanann sibh ionamsaagus má fhanann mo bhriathra ionaibh,iarrfaidh sibh cibé ní is mian libhagus déanfar daoibh é.Tugadh glóir do m’Athairsa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh,agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.