Nuacht Litir 24/25-4-2021

An Ceathrú Domhnach den Cháisc
(25/4/2021)

Ár Mairbh.
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Joan Meaney, Sráid a’ Mhuillinn
An tSiúr Máighréad Ní Mhuirithe Caisleán a’ Bharraigh
An tAthair Hans Küng, Diagaire agus Ollamh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Tadhgín , Síle agus Eibhlin Uí Riordáin, Cúil Aodha
Ellen Lehane, Na Cillíni.
Connie Lynch, Na hUlláin Thoir
Eileen McSweeney, Sliabh Riach
Jerry Crowley, An Muileann
Gobnait Kissane, Sliabh Riach
Elizabeth Cullinane, Sasana
Matty agus Frances Twomey,Boston.
Mikey agus Betty Twomey, Sasana
Nora O Shea, Corcaigh,
Máire Kelly ( née Horgan) Sliabh Riach agus Baile an Chollaigh
Julia FitzGerald, Cluain Chaoin

Ar son daoine atá breoite
Concubhar Ó Loinsigh, Tóchar, Cúil Aodha.
Mary Herlihy, An Bhlárnain
Concubhar O Scanaill An Muillin
Domhnailín John Ó Suilleabháin Na Milíní agus MagCromtha
Michael Kelly Wilmington Delaware.USA
Sinead Lyons ata ar iarraidh sa USA

OFRÁILTI NA CÁSCA / EASTER OFFERINGS
Cuirigí na hofráiltí isteach go dtí bhúr séipéil féinig, le bhúr dtoil.
Please make your offerings to your own parish, at your convenience.
Déardoin 29ú Aibreán / Thursday 29th April
Féile Naomh Catherine Siena – Dochtúir na hEaglaise agus Pátrún na hEorpa
Feast of St Catherine of Siena – Doctor of the Church and Patron Saint of Europe.

Paidreacha

Sailm 23 (22) “Is é an Tiarna m’aoire”
Freagra:
Is é an Tiarna m’aoire,
Ní bheidh aon ní de dhíth orm

Cuireann sé i mo luí mé
i móinéar féaruaithne,
Seolann sé ar imeall an uisce mé,
mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé mé ar shlí na fíréantachta mé
mar gheall ar a ainm. (Fr.)
Freagra:
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais,
níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall
chun sólás a thabhairt dom.
Cóiríonn tú bord chun béile dom
i láthair mo naimhde; (Fr.)
Freagra:
Ungann tú mo cheann le hola;
tá mo chupán ag cur thar maoil.
Leanfaidh cineáltas is fabhar mé
gach lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé
go brách na breithe. (Fr.)

Freagra:

Psalm 22 The Lord is my Shepherd is apparently the best known piece of scripture in the entire Christian world. Let us thank God for all the musicians who have so skilfully put this psalm to music.

CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 4:8-12
Níl slálú i neach ar bith eile.
Dúirt Peadar leo agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí, más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é, bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach – an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é – gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte. Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibhse, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’ níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 117
Freagra An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Mafairt Freagra Alleluia!
I. Alleluia!
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é:
óir maireann a ghrá de shío r.
Is fearr dul i muinín an Tiarna,
ná bheith ag brath ar an duine.
Is fearr dul i muinín an Tiarna,
ná bheith ag brath ar fhlatha. Freagra
2. Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom
agus gur tú mo shlánaitheoir.
An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo,
agus is éachtach linne é. Freagra
3. Is beannaithe in ainm an Tiarna
an té atá ag teacht.
Beannaimid sibh as teach an Tiarna;
gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom
agus gur tú mo shlánaitheoir.
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é:
maireann a ghrá de shíor. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an chéadLitir Naomh Eoin 3:1-2
Feícfimid Día mar atá sé.
A clann ionúin, breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean. chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Eo 10: 14
Alleluia, Alleluia
Is mise an t-aoire maith,’ a deir an Tiarna.
AithnÍm mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé’
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 10:11-18
Tugann an t-aoire maith a bheatha ar son a chaorach.
San am sin dúirt Íosa
Mise an sáraoire,
agus aithním mo chuid féin,
agus aithníonn mo chuid féin mé,
faoi mar a aithníonn an tAthair mé,
agus mar a aithnímse an tAthair.
Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach. Tá caoirigh eile agam chomh maith,
nach den chró seo iad.
Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith,
agus éistfidh siad le mo ghlór,
agus beidh aon tréad amháin ann,
agus aon aoire amháin.
Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dom
mar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim,
chun go nglacfainn chugam arís í.
Níl aon duine á tógáil uaim;
is uaim féin a thugaim uaim í,
agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim
agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís.
Sin í an aithne a fuair mé ó m’Athair.”
Soiscéal Dé.

Leave a Comment