Nuacht Litir 17/18-4-2021

An Tríú Domhnach den Cháisc
(18/4/2021)

Ár Mairbh.
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Betty (Eily) Reilly, Ní Shuilleabháin (Eugie) Cuil Aodha agus Londain.
An tAthair Tomás Ó hIceadha, Baile an Fheirtéaraigh
Michelle Clifford, The Kerries. Tráighlí

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Seán de Róiste Gort na Tiobradtan
Síle Ní Shuilleabháin (Maidhcí) Cúil Aodha agus Londain
Jeremy Lynch, Baile Easboig, Corcaigh.
Jerry Casey, Gort an Imill
Danny Ó hÉalaithe, Baile Mhic Íre
Patrick & Katie Uí Litháin Cúil Iarthach
Danny & Nóra O’Sullivan, Gort na Tiobraid.
Joan Murphy, Doirín Álainn
Mary agus Jerry Ó Loinsigh, Na Flatts
Eileen agus Eugene MacCárthaigh, Na Flatts
Neóin McCarthy Cúil a Bhuachaigh
Dan agus Frankie Cronin, An Plantation, Baile Mhic Íre
Peadar Ó Liatháin, Cuil Aodha – Cléireach, Dámhscoil Mhúscraí
Síle (Judy) de Búrca, Liosbuí Beag, Cill na Martra

Ar son daoine atá breoite
Concubhar Ó Loinsigh, Tóchar, Cúil Aodha.
Mary Herlihy, An Bhlárnain
Concubhar O Scanaill An Muillin
Domhnailín John Ó Suilleabháin Na Milíní agus MagCromtha
Michael Kelly Wilmington Delaware.USA
Sinead Lyons ata ar iarraidh sa USA

Paidreacha
Paidir in am Trioblóide
A Íosa shármhilis, is tusa mo choimirce agus
mo neart in am an chatha, is tú mo gháirdeas
le linn an t-sonais, deónaigh fuascailt orm
insan gcruachás seo.

Toil Dé go ndéanaimíd
Dlí Dé go leanaimíd
Ár n-antoil féin go smachtaimíd
Srian lenár dteanga go gcuirimíd
Ár pháis Críost go smaoinimíd
Ár gcríoch déanach go mbeabhraimíd
Gach contúirt pheacaí go seachnaimíd
Aithrí thráthúil go ndéanaimíd
Bás naofa go bhfaghaimíd
Gnúis Dé go bhfeicimíd
Ag moladh agus ag onóradh Dé go rabhaimíd
Anois agus ar feadh na síoraíochta

Moladh agus móradhradh leat a Thiarna Íosa Críost,
Óir led’ Chrois Naofa, do shaorais an domhan.
We adore you, o Christ, and we praise you
Because by your Holy Cross, you have redeemed the world


CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 3:13-15. 17-19
Mharaigh sibh údar na beatha, agus thóg Dia ó mhairbh arís é.
Dúirt Peadad leis an bpobal: Thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, Dia ár n-aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibhse ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phioláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor. Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d’iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir. Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. “Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna. Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt. Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 4
Freagra Ardaigh solas go ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta,
a d’fhuascail mé ó mo phianpháis; éist liom go trócaireach. Freagra
2. Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga;
éistfigh an Tiarna an uair a ghlaofaidh mé air. Freagra
3. Is iomaí duine á rá: ‘Cé nochtfaidh nithe fónta dúinn?’
Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna. Freagra
4. Rachaidh mé a luí faoi shuaimhneas: déanfaidh mé codladh go sámh;
óir is tusa amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad Litir N. Eoin 2:1-5
Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní or ár bpeacaine amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.
A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir. Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile. Agus is mar seo atá fhios againn go n-aithnímid é, a aitheanta a choinneáil. An té a deir go n-aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin. Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Lc 24: 32
Alleluia, Alleluia!A Thiaina Íosa, nocht na scrioptúir dúinn; cuir ár gcroí ar Iasadh ionainnIe linn duit bheith ag labhairt linn.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 24:35-48
Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n éireodh sé ó mhairbh an treas lá.
Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d’aithin siad é i mbriseadh an aráin.
Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” Ghlac siad scéin agus uamhan, á mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad. Ach dúirt sé leo: “Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.” Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa. Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d’íosfaí?” Thug siad blúire d’iasc rósta dó. Ghlac sé é agus d’ith ina láthair é.
Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’” Ansin d’oscail sé a n-aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir, agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n éireodh sé ó mhairbh an treas lá, agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. Is finnéithe sibhse ar na nithe seo.
© Cumann na Sagart 2020

Leave a Comment