Nuacht Litir 12/4/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach den Cháisc

(12/4/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé hAoine        11:00r.n
Dé Sathairn    11:00

6:00
Dé Domhnaigh     11.30rn

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh –   10:00rn
Réidh na nDoirí

Dé Sarthairn    5:00in
Cill na Martra
Dé hAoine         7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn   6:00in

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 

 

AN DARA DOMHNACH DEN CHAISC

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Gníomhartha na nAspal       2:42-47
Agus an méid a chreid, bhídís i bhfochair a chéile, agus bhíodh gach ulle núí I gcomhar acu.

early-church-community-Chloígh na bráithre seasmach le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe. Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.
Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu; dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid.

Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile lemóráthas agus le sástacht chroí agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm  117: 2-4. 13-15. 22-24. R/v 1
Freagra                         Tugaigí buíochas den Tiarna toisc gur maith é:
óir maireann a ghrá de shíor.

Malairt freagra :       Alleluia

I. Bíodh teaghlach Isráél á rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’
Bíodh teaghlach Árón á rá:  ‘Maireann a ghrá de shíor.’
Abradh an dream lerb eagal an Tiarna: ‘Maireann a ghrá de shíor.’             Freagra

2. Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn, ach chuidigh an Tiarna liom.
Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach: is é a thug slán mé.
Cluintear gártha lúcháire is caithréime i bpubaill na bhfíréan.                    Freagra

3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir,  rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é.
Is é seo an lá a rinne an Tiarna: bíodh áthas is gliondar orainn.                  Freagra

DARA LÉACHT                

Sliocht as céad Litir Naomh Peadar              1:3-9
D ‘athghin sé sinn trí aiséirI losa Críost ó mhairbh, ionas go mbeadh beomhuinín againn.

Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost!
 D’athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne agus chun oidhreachta atá marthanach dothruaillithe, gan síothlú, oidhreacht atá in áirithe daoibh sna flaithis. Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré. Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál, d’fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór – rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é – ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost. Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha, agus slánú bhur n-anam á ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh.

Alleluia Véarsa              Eoin 20:29
Alleluia, Alleluia!
‘De bhrí go bhfaca tú  mé, a Thomáis, chreid tú,’ a deir an Tiarna.
‘Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.’
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.              Agus le do spiorad féin

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin         20:19-31        Glóir duit, a Thiarna.
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, tháinig Íosa.

Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: Síocháin daoibh!”
Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna.   Dúirt Íosa leo ansin arís:
Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin.”

Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo:
Glacaigí an Spiorad Naomh.  Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.”

DOUBTING tHOMASTomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa.   Dúirt na deisceabail eile leis: Chonaiceamar an Tiarna.”
Ach dúirt seisean leo: Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.”

Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt:
“Síocháin daoibh!”
Ansin dúirt sé le Tomás:
“Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”
D’fhreagair Tomás: Mo Thiarna agus mo Dhia!”
Dúirt Íosa leis:
“De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”

Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo.   Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment