Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(13/2/2022)
A Ghobnnait Naofa ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Cuirfear leis an Nuachtlitir seo suas go tráthnóna Dé hAoine/This newsletter will be edited /added to, up to Friday evening.
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30 r.n.
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9:30
Deardaoin 9:30
Dé Aoine 9:30 (Céad Aoine)
Dé Sathairn @6:30
Cuil Aodha
An Domhnach @10:0o
Dé Máirt 10:30
Dé hAoine 10:30 (Céad Aoine)
Adhradh an Naomh Shacraimint gach Luan i mBaile Mhuirne taréis aifrinn go 5:00in
Adoration of the Blessed Sacrament every Monday after Mass in Baile Mhuirne until 5:00pm

Lá le Gobnatan 11/2/2022
3 Aifreann i mBaile Mhuirne 11:30, 4:00, agus 7:30
Fáilte roim cách. Ribíní do Tomhas Ghobnatan le fáil anois i Siopa Uí Luasa agus san Éardhamh taréis aifrinn.
Everyone welcome. Ribbons for St Gobnait’s measure to be had now in Siopa Uí Luasa or in the Sacristy after mass
Guímís ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Sile Bean Uí Shíochain, Mágh Réidh
Neilus Ó Loingsigh, Doire na Sagart
Mary O’Sullivan, Machromtha & Cill na Martra
Kitty Hyde, Cill na Martra agus San Francisco
Máirín Ní Cheocháin Uí Chrualaoi. An Murnach Beag agus Baile an Chollaigh
Siobhán Bn Uí Cheallaigh. Doire an Chuilinn
Annie (Diarmáin) Uí Dhuinnín Cúil Aodha
John Matt Ó Tuama, Cúm Uí Chlumháin
Stiana Ó hEigeartaigh, Na Cillíní
Ally Ó Loingsigh, Sliabh Riabhach
Jerh Ó Loingsigh Cill Dara & BÁC,
Con Ó Loingsigh Máigh Chromtha
Mick Lehane, Cúm a’ Ghadhair
Hannah & Free Lynch, Doire na Sagart
Eileen McDonough (Ní Luasa, Cnoc an Iúir)
Ann Griffin, Má Réidh
Mairín Uí Bhuachalla Cathair Cearna
Michael (Mikey) Twomey. Carraig an Adhmaid.
Jerh Lynch agus Máire Lynch Cluan Droichead
Jerry Lucey San Francisco
Seán Potts, ceoltóir.
Seán agus Siobhán Uí Luasa, Na Milíní, Cúil aodha
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Irimía. 17:5-8
Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine. Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarna
Is mar seo a deir an Tiarna:
“Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine,
agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola,
agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna.
Is cosúil é le grágán tóir san fhásach;
má thagann maith ní fheiceann sé í;
cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh,
i bhfearann saillte atá gan áitreabh.
Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarna
agus arb é an Tiarna a dhóchas.
Is cosúil é le crann atá lámh le huisce,
agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth;
ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill,
mar fanann a dhuilliúr glas;
ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta,
mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 1
Freagra Is aoibhinn don fhear a chuir a dhóchas sa Tiarna.
I. Is aoibhinn don fhear
nach leanann de chomhairle na n-éagráifeach
is nach seasann i slí na bpeacach
is nach suíonn in éineacht le scigirí;
ach a thugann taitneamh do dhlí an Tiarna
is a dhéanann machnamh ar a dhlí de lá is d’oíche. Freagra
2. Is cosúil é le crann
atá curtha cois na habhann,
a thugann toradh uaidh go tráthúil,
nach bhfeonn a dhuilliúr;
agus bíonn an rath ar a ndéanann sé. Freagra
3. Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh!
Ach amhail cáith a scaiptear leis an ngaoth.
Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan,
ach rachaidh slí na n-éagráifeach ar ceal. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig n Coirintig. 15:12, 16-20
Más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe tá sibh in bhur bpeacaí go fóill.
Ós é atá á fhógairt go bhfuil Críost éirithe ó mhairbh, cad a bheir do chuid agaibhse a rá nach bhfuil aiséirí na marbh ann ar chor ar bith? Mar más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh níl Críost aiséirithe ach chomh beag. Agus más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe is baoth bhur gcreideamh agus tá sibh in bhur bpeacaí go fóill. Agus rud eile de, an mhuintir atá tar éis bháis i gCríost, tá deireadh leo. Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn. Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Mt 11:25
Alleluia, alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirimeagus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúc. 6:17, 20-26 Glóir duit, a Thiarna.
Is méanar daoibhse atá bocht. Is mairg daoibhse atá sách anois.
Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine.
Agus d’ardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt:
“Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé.
“Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh.
“Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire.
“Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine. Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe. “Ach is mairg daoibhse atá saibhir, óir tá bhur sólás faighte agaibh cheana.
“Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh.
Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol.
“Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh. Óir is sa chaoi
chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe bréagacha.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
_____________________________
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Féach Fógraí Ghinearálta Mí Eanair/ Feabhra ansa