Nuacht Litir 15/16-5-2021

Deascabháil Ár dTiarna
(16/5/2021)

Socraithe aifrinntí na deire seachtaine seo ( Tá an Athair Domhnal breoite)

(Mass times this weekend – Fr Domhnal is currently unwell)

Is féidir le daoine freastal ar aifreann anois ach cloí leis na rialacha sláinte

Baile Mhuirne  Dé Sathairn @ 6:30 tráthnóna

Cúil Aodha Dé Domhnaigh @ 11:00  (É seo ar idirlinn ansa)

Ár Mairbh.

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

Liam Corcoran, Baile Mhic Íre
Caitríona Hickey (Ni Thuama), Na hUlláin Thiar

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Nóra & Mairéad Shorten, Béal Átha’n Ghaorthaidh
Hancy Uí Chéilleachair, Carraig an Adhmaid
Nóra O’Connell, Srón na gCaor, Cluain Droichead
Mary Lucey, Baile Mhic Íre
Danny & Nóra Ó Suilleabháin, Gort na Tiobratan
Andy Scannell, Baile Mhic Íre
Dónal Lehane, Na Cillíní
Dan Scannell, An Muileann
Eibhlín Uí Shuibhne, Sliabh Riach
John & Abby McCarthy, Sliabh Riach
Jimmy Scannell, Bóthar Abán
Peg Hoare, Gort Uí Rathaille
Patrick Leader, Baile Mhic Íre Thoir
Abby McCarthy, Sliabh Riach
Nóra Bn Uí Fhlanagáin, An Muileann
Connie & Julia McCarthy, Screathan
Ann O’Donoghue, Sliabh Riach
Paddy Creedon Cúm na Cloiche

OFRÁILTI NA CÁSCA / EASTER OFFERINGS
Cuirigí na hofráiltí isteach go dtí bhúr séipéil féinig, le bhúr dtoil.
Please make your offerings to your own parish, at your convenience.

Paidreacha

Paidir
A Mhaighdean Mhuire, mo sheacht ngrá thú
is tú bean mo chumainn, is tú bean mo shláinte
is tú bean mo threoíochta in am an ghátair
ar uair mo bháis beir mé féin ‘sna Flaithis

Paidir ag fágáil duine atá breoite
Go dtuga Dia scéala maith daoibh
Go gcuire Dia i gceann na maitheasa í / é.

Ave Maria
A Mhuire Mháthair,
‘Sé seo mo ghuí
Go maire Íosa
Go deo im’ chroí
Curfá:
Ave Maria, mo ghrá Ave,
Is tusa mo mháthair,
‘s máthair Dé.

A Mhuire Mháthair,
I rith mo shaoil
Bí liom mar dhídean
ar gach aon bhaol.

A Mhuire Mháthair
‘tá lán de ghrást’
Go raibh tú taobh liom
Ar uair mo bháis.

CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 1:1-11
Agus iad ag faire, tógadh suas é.
Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. i ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé.
Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d’ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”
Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?” Ach d’fhreagair sé iad: “Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d’ardaigh scamall as a radharc é. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice. “A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 46
Freagra Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.Malairt Freagra Alleluia!
I. Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile,
gairdigí do Dhia Ie teann lúcháire!
Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach,
ina ardrí os cionn na cruinne. Freagra
2. Gabhann Dia in áirde le gártha molta;
gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Seinntear ceol dár nDia; seinntear ceol dó
Seinntear ceol dár rí; seinntear ceol dó. Freagra
3. Is é Dia rí na cruinne go léir.
Seinnigí agus canaigí ar bhur ndíheall dó
Tá Dia ina rí ar na náisiúin;
tá sé ina shuí ar a chathaoir naofa. Freagra
Alleluia Véarsa Mth 28: 19-20
Alleluia, Alleluia!
Imigí, deanaigí deisceabail de na nárisiúin uile,’ a deir an Tiarna;
‘Táim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’
Alleluia!
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir N.Pól chuig na hEifísigh 1:17-23
Chuir sé ina shuí ar a dheis féin sna flaithis é.
A bhráithre, bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.
Briathar Dé.
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 16:15-20
Tógadh suas ar neamh é, agus chuaigh sé chun suí ar dheasláimh Dé.
San am sin thaispeáin Íosa é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d’athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe. Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é. “Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m’ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua; tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.” Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé. Ach iad siúd, d’imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair lei a comharthaí a lean é.
Soiscéal Dé.

Leave a Comment