Domhnach Cincíse
(23/5/2021)
Socraithe aifrinntí na deire seachtaine seo (Tá an Athair Domhnal breoite ach feabhas ag teacht air)
(Mass times this weekend – Fr Domhnal is currently unwell but improving)
Is féidir le daoine freastal ar aifreann anois ach cloí leis na rialacha sláinte
(Peaple can attend mass now but to adhere to the health regulations)
Baile Mhuirne Dé Sathairn @ 6:30 tráthnóna
Dé Domhnaigh 11:30
Cúil Aodha Dé Domhnaigh @ 11:00 (É seo ar idirlinn ansa/ Click here to get the site )
N.B.Beidh Aifrinntí deire seachtaine tharnais mar ghnáth ón deire seachtaine seo chughainn ar aghaidh
Baile Mhuirne Satharn 6:30 agus Domhnach 11:30
Cuil Aodha Domhnach 10.00 ón 30ú ar aghaidh
Nóta Tabhachtach
- Dighalraigh ag doras an tséipéíl.
- Caith do mhasc/puicín béil
Important Notice
- Hand sanitizer must be used when entering and leaving the church.
- Wear you mask
Ár Mairbh.
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Sr. Concepta – Peigí Ní Thuama Cnoc Sathairn Cill na Martra.
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Margaret Cronin (Ui Shúilleabháin) Cúil a’ Bhuacaigh
Gobnait Power (Ní Thuama) Baile Mhic Íre Thoir
Nóirín Twomey, Baile Mhic Íre Thoir
Seán agus Sile Uí Éalaithe, Gort Uí Rathaille
Jim agus Lizzie Uí Mhuimhneacháin, Na Milíní
Tom Hallissey, Cill Garbháin
Paudie, Mattie agus Hannah Uí Thuama, Na Milíní
Minnie Nic Cionnaith, Dún na Séad
Peg Uí Bhriain, Eochaill.
Willie Murphy, Árdán Ghobnatan
Katie agus Con Lucey, Baile Mhic Ire.
Peg agus Johnny Hoare, Gort Uí Rathaille
Déirdre Buckley, Coolnadane, Machromtha
Christy Kelleher, Daingean na Saileach
Na OFRÁILTI CÁSCA/Aifrinn/Earraigh 7rl
Offerings for Easter/Masses/Spring etc
Is féidir ofráiltí d’fhágaint i mbosca litreach an Athair Domhnal Ó Briain nó Gerard Ó Loinsigh Cuil Aodha
nó iad a sheoladh ar aghaidh ag úsáid PayPal ar an suíomh seo ansa http://paroistebailemhuirne.ie/ofrailti-offerings/
Offerings or Easter dues can be left in the Ath Dómhnal’s or Greard Ó Loinsighs’s letterbox
OR they can be payed online here using PayPal http://paroistebailemhuirne.ie/ofrailti-offerings/
Paidreacha
Go mbeannaí Dia dhuit a Ghobnait Naofa.
Go mbeannaí Muire dhuit, is beannaím féin duit.
Is chughat-sa a thánag ag gearán mo scéil leat.
A d’iarraidh mo leighis ar son Dé ort.
A Ghobnait an dúchais
a bhíodh i mBaile Bhúirne
Go dtaga tú chughamsa
Led’ chabhair is led’ chúnamh.
Léachtaí an Aifrinn, 23 Bealtaine 2021
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 2:1-11
Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt.
Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fadina raibh siad ina suí. Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.
Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acu san. Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise, Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos in ár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”
SALM LE FREAGRA. Sm 137 Freagra: Cuir amach uait do Spiorad, a Thiarna,
agus dean agaidh na talún a athnuachan.
1. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom!
A Thiarna Dia, is rómhor thú go dearfa.
tá t’u éadaithe i maorgacht agus maise,
tá tú gléasta le solas mar le fallaing Freagra
2. Nach lionmhar iad d’oibreacha, a Thiarna!
Rinne tú gach aon ní le heagna
Tá an chruinne lán da bhfuil déanta agat.
Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom! Freagra
3. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort
chun iad a bheathú in am is a dtráth.
Cruinníon siad le chéile a dtugann tú dóibh:
leathann tú do lámh agus liontar iad. Freagra
4. Má bhaineann tú an anáil díobh, éagann siad
agus casann siad ar an luaithreach arís.
Nuair a chuireann tú do spiorad uait, cruthaítear iad,
agus athnuann tú aghaidh na talún. Freagra
AN DARA LÉACHT: Galataigh 5:16-25
San aon Spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir.
A bhráithre, mairigí faoi luí an Spioraid, agus níl aon bhaol go ngéillfidh sibh d’ainmhianta na colainne. Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh.
Más é an Spiorad atá do bhur stiúradh níl sibh faoi smacht ag an dlí. Is follas iad gníomhartha na colainne, mar atá drúis gáirsiúlacht agus graostacht; íoladhradh agus asarlaíocht; eascairdeas, achrann, agus formad; fearg, bruíonta, clampar agus faicsin, éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht. Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht, láchas agus measarthacht. Agus níl aon reacht in aghaidh a leithéidí sin! Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois.
Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir.
Alleluia Vearsa
Alleluia, alleluia!Tar chugainn, a Naomh Spioraid, lion croíthe na gCríostaithe,agus adhain iontu lasair do ghrá.Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 15:26-27, 16:12-15
Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaigí an Spiorad Naomh.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Nuair a thiocfaidh an tAbhcóidea chuirfidh mé chugaibh ón Athair,Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair,déanfaidh sé fianaise orm. Déanann sibhse fianaise freisin,mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach. Tá mórán eile le rá agam libh,ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,
déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.
Óir ní as féin a labhróidh;
labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
Tabharfaidh sé glóir domsa,
óir is de mo chuidse a ghlacfaidh
agus a inseoidh sé daoibh.
An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é.
‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh
agus a inseoidh sé daoibh.’