Nuacht Litir 29/30-5-2021

Domhnach na Trionóide
(30/5/2021)

Socraithe aifrinntí na deire seachtaine seo (Tá an Athair Domhnal breoite ach feabhas ag teacht air)

(Mass times this weekend – Fr Domhnal is currently unwell but improving)

Is féidir le daoine freastal ar aifreann anois ach cloí leis na rialacha sláinte

(Peaple can attend mass now but to adhere to the health regulations)

Baile Mhuirne

Dé Sathairn @ 6:30 tráthnóna

Dé Domhnaigh 11:30

Cúil Aodha Dé Domhnaigh @ 10:00  (É seo ar idirlinn ansa/ Click here to get the site  )

N.B.Beidh Aifrinntí deire seachtaine tharnais mar ghnáth ón deire seachtaine seo chughainn ar aghaidh

Baile Mhuirne Satharn 6:30 agus Domhnach 11:30

Cuil Aodha Domhnach 10.00 ón 30ú ar aghaidh

Nóta Tabhachtach

  • Dighalraigh ag doras an tséipéíl.
  • Caith do mhasc/puicín béil

Important Notice

  • Hand sanitizer must be used when entering and leaving the church.
  • Wear you mask

Ár Mairbh.

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliainDan & Nellie Dineen, Cloch Aidhneach
Nell Casey, Ráth Úna
Tadhg Kelleher, Cúm a’ Ghadhair
Jerry Murphy, Doire na Sagart
Siobhán Uí Liatháin, Cnoc an Iúir
Jerry & Mary Lynch, Baile Mhic Íre
Dónal & John O’ Riordan, Cnoc an Iúir
Michael Ó Ríordáin, Rathúna
Peg Hoare, Baile Mhic Íre
Mary Lucey, Baile Mhic Íre Thoir
Mary Finnegan, Doire na Sagart.

CUIMHNEACHÁIN MÍOSA

Denny Free Ó Loingsigh, Doire na Sagart

(Beidh an Aifreann níos déanaí.)

Na OFRÁILTI CÁSCA/Aifrinn/Earraigh 7rl

Offerings for Easter/Masses/Spring etc

Is féidir ofráiltí d’fhágaint i mbosca litreach an Athair Domhnal Ó Briain nó Gerard Ó Loinsigh Cuil Aodha
nó iad a sheoladh ar aghaidh ag úsáid PayPal ar an suíomh seo ansa  http://paroistebailemhuirne.ie/ofrailti-offerings/

Offerings or Easter dues can be left in the Ath Dómhnal’s or Greard Ó Loinsighs’s letterbox
OR they can be payed online here using PayPal  http://paroistebailemhuirne.ie/ofrailti-offerings/

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Deotranaimí     4:32-34. 39-40
Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é.

Dúirt Maois leis an bpobal “Óir, cuir an cheist seo dá bhrí sin chun na n-aos a d’imigh tharainn agus a bhí romhat, ón lá a chruthaigh Dia an duine ar talamh: An raibh briathar riamh chomh maorga ó cheann ceann neimhe? Ar chualathas riamh a leithéid? Ar chuala aon chine riamh guth Dé [bheo] ag labhairt ó chroí na tine, mar a rinne tusa, agus iad a mhaireachtáil? Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? – na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt. Tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é. Coimeád a reachta agus a aitheanta dá bhrí sin mar a thugaim duit iad inniu i dtreo go mbeidh conách ort féin agus ar do shliocht, agus saol fada agat sa tír atá á thabhairt duit go brách ag an Tiarna do Dhia.”

Briathar Dé.  

Salm le Freagra    Sm 32

Freagra  Is méanar don phobal a roghnaigh an Tiarna dó féin

  1. Is dílis é briathar an Tiarna,
    agus is iontaofa a obair uile.
    Is ionúin leis an chóir is an ceart;
    tá an talamh lan de bhuanghrá an Tiarna.            Freagra
  2. Lena bhriathar a rinneadh na flaithis,
    Ie hanáil a bhéil na réaltaí go léir.
    Labhair sé, agus tharla ann iad.
    D’ordaigh sé agus rinneadh amhlaidh.                   Freagra
  3. Feach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
    orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
    chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás
    is go gcothódh sé iad in am an ghorta.                    Freagra
  4. Bíonn ar n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
    is é sin árgcabhair is ár sciath.
    Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
    de réir an dóchais a chuirimid ionat.                       Freagra

 

DARA LÉACHT 

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Romanaigh   8:14-17
Fuair sibh spiorad na clainne trína nglaoimid Abba nó Athair ar Dhia.

Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad. Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.” Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn; agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.

Briathar Dé.

AN CHRÉ.  Chré Nicea-Constaintínópail

Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.          AMEN

 

OILITHREACHT FÍORÚIL DHEOISE CHLUAIN UAMHA GO LOURDES
CLOYNE DIOCESEAN PILGRIMAGE THE LOURDES
De dheasca na paindéime, beidh oilithreacht fíorúil go Lourdes ón deoise arís i mbliana. Beidh sé ar siúl ón 4ú – 9ú Meitheamh. Tá sceideal an oilithrigh thíos agus is féidir gach searmanas a fháil ar leathanach Facebook Cloyne Diocesan pilgrimage to Lourdes
The Cloyne diocesan pilgrimage to Lourdes will be virtual again this year as a result of the ongoing pandemic. Events will take place from 4th to the 9th of June. Below is the timetable of events and all ceremonies can be found on the Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes Facebook page

Leave a Comment